

Tá gealltanas tugtha ag Ard-Stiúrthóir CLG, Tom Ryan, go ndéanfar athmheasúnú ar an gcostas a bhaineann le cluichí aonair a shruthú (streaming) ar GAAGO.
Bhí an t-ardán sruthú (streaming platform) , ar leith RTÉ agus CLG é, ina chúis le conspóid níos luaithe i mbliana nuair a taispeánadh roinnt cluichí ardphróifíle taobh thiar de bhalla pá (paywall) seachas ar theilifís saor go haer.
Mar fhreagra ar cheisteanna ón TD Neamhspleách Peter Fitzpatrick ag cruinniú de choiste meán an Oireachtais Dé Céadaoin, dúirt an tUasal Ryan gur thuig sé tuairim an TD go raibh táille de €12 in aghaidh an chluiche ró-ard.

‘Beidh muid ag breathnú ar ár bpraghsanna arís,’ a dúirt an tUasal Ryan.
Dúirt an tUasal Fitzpatrick gur ‘luach maith’ é an costas bliantúil de €79 do gach cluiche ar GAAGo.
D’admhaigh ceannasaí spóirt ghrúpa RTÉ Declan McBennett gurb í an fhadhb is mó atá ann le GAAGO ná rochtain (access).
Ag labhairt dó os comhair an choiste chéanna tráthnóna Dé Céadaoin, d’aithin an tUasal McBennett go raibh GAAGo ag brath go mór ar chaighdeán an leathanbhanda áitiúil (quality of local broadband).
Ach dúradh nár ceist é sin do RTÉ ‘ach do pholasaí an Rialtais’.
Dúirt sé go bhfuil níos mó cluichí á dtaispeáint ag GAAGO ná mar a bhí siad in ann craoladh saor in aisce riamh agus go bhfuil níos mó cluichí saor in aisce á gcraoladh chomh maith.
Ach dúirt sé nach mbeidh cás go deo ina gcraoltar gach cluiche saor in aisce.
Níor ghlac an tUasal McBennett leis an argóint go raibh RTÉ, a bhaineann leas as táille an cheadúnais cheana féin, ag ‘gearradh faoi dhó’ ar a lucht féachana agus ag cur cluichí áirithe ardphróifíle taobh thiar de bhalla pá chun níos mó síntiúis a fháil.
Dúirt sé go dtaispeántar cluichí ceannais na gcraobh, na cluichí leathcheannais agus na cluichí ceathrú ceannais ar fad saor, seachas dhá chluiche sa pheil agus san iomáint.
Mhínigh an tUasal Ryan gur bhog GAAGo ón mbunchuspóir a bhí aige cluichí a chraoladh do dhiaspóra na hÉireann thar lear, go dtí cluichí a thaispeáint do lucht féachana intíre a imríodh taobh thiar de dhoirse dúnta le linn na paindéime Covid-19.
Thug sé le fios go ngineann GAAGo ioncam de €4m sa bhliain, a roinntear tar éis costais idir RTÉ agus CLG.
SCÉAL EILE: Claonadh inscne (gender-bias) ‘ag croílár an cháis in aghaidh Pauw’
Dúirt an tUasal Ryan nach bhfuil a fhios aige cé mhéad den ioncam sin a thagann ó lucht féachana idirnáisiúnta i gcomparáid le lucht féachana intíre, ach gur dócha go dtiocfaidh an chuid is mó ó lucht féachana intíre.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.