Tá ómós á tabhairt do Darren Richmond, an ceoltóir traidisiúnta mór le rá, a fuair bás go tragóideach tar éis titim as aill (cliff) i gContae an Chláir.
Bhí sé ag iascaireacht le fear eile nuair a thit sé isteach san fharraige ó aill i nDún Leice, siar ó dheas ó Chill Chaoi (Kilkee).
Ba as Lancaster i Sasana é Richmond, a bhí 58, ach bhí sé ina chónaí in Inis (Ennis) le roinnt blianta anuas.
Amhránaí, ceoltóir agus bailitheoir amhrán clúiteach a bhí ann agus bhí clú agus cáil air i measc na gceoltóirí traidisiúnta.
Chuir muintir na háite síos air mar ‘fhear álainn’.
Thug foireann agus bainisteoirí tábhairne an Yellow Submarine i gCor Finne i gContae an Chláir ómós dó.
Is minic a sheinn Richmond ceol ann. Dúirt siad: ‘Bhí Darren go rialta ag seisiún an Domhnaigh lena bhodhrán agus a chuid amhrán iontach. Ba ga na gréine é, atá imithe.’
Dúirt cara leis: ‘Scéala uafásacha, bhí Darren ina amhránaí agus ina bhailitheoir amhrán den scoth. Suaimhneas síoraí dó.’
Scríobh an TD áitiúil Violet Ann Wynn (Neamhspleách) ar na meáin shóisialta: ‘Tá sé thar a bheith brónach é seo a léamh, go ligfí suaimhneas dó.’
Chuaigh Gardaí agus na seirbhísí éigeandála ar an láthair ag Kilkee Cliff Walk thart ar 3.15pm, Dé Céadaoin, tar éis an timpiste.
Cuireadh oibríocht chuardaigh agus tarrthála (search and rescue) ar bun go tapa.
Rinne Rescue 115 cuardach ar an gceantar agus d’aimsigh siad Richmond go luath.
Níor éirigh leis na hiarrachtaí chun é a athbheochan, áfach, agus fógraíodh go foirmiúil go raibh sé marbh ag an láthair.
Tugadh a corp go hOspidéal na hOllscoile, Ciarraí i dTrá Lí.
• Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.