

Tá fear sna 50idí ar shlí na fírinne tar éis titim ó aill (cliff) in Iarthar an Chláir, agus tugadh fear eile go háit shábháilte.
Tuigtear go raibh an t-íospartach ag iascaireacht le fear eile ag an am. Chuir lucht féachana glaoch ar na seirbhísí éigeandála.
Chuaigh Gardaí agus na seirbhísí éigeandála ar an láthair ag Kilkee Cliff Walk thart ar 3.15pm.
Cuireadh oibríocht chuardaigh agus tarrthála (search and rescue) ar bun go tapa.
Sheol oibrithe deonacha Garda Cósta Chill Chaoi (Kilkee) a mbád tarrthála agus rinne siad a mbealach chuig an láthair agus thaistil baill eile go dtí an láthair ar bhóthar.

Rinne Rescue 115 cuardach ar an gceantar agus d’aimsigh siad an fear go luath.
Níor éirigh leis na hiarrachtaí chun an fear a athbheochan, áfach, agus fógraíodh go foirmiúil go raibh sé marbh ag an láthair. Tuigtear go bhfuil an fear ina 50idí.
Tugadh corp an íospartaigh go hOspidéal na hOllscoile, Ciarraí i dTrá Lí áit a ndéanfar scrúdú iarbháis air.
Idir an dá linn, fuarthas an dara duine, a chreidtear gur dhreap sé síos na carraigeacha chun cabhrú leis an íospartach, ach bhí sé sáinnithe ar imeall aille agus ní raibh sé in ann teacht as.
SCÉAL EILE: Foláireamh faoi ‘disruption’ ar soláthar uisce mar gheall ar stailc
Chonaic criú an héileacaptair é agus thug siad foláireamh d’fhoirne talún. Cuireadh oibríocht ar bun ansin chun é a tharrtháil.
D’éirigh le hoibrithe deonacha Garda Cósta Chill Chaoi téad a bhaint anuas don fhear agus daingnigh siad é.
Nuair a bhí an fear slán, thug criú an héileacaptair é as an leac agus thuirling sé é in aice láimhe.
Ní chreidtear gur gortaíodh go dona an fear.
Cuireadh cúram ar aonaid Gharda Cósta Dhúlainn (Doolin) agus Bhaile an Bhuinneánaigh (Bally bunion) freisin ach d’éirigh siad as ar an mbealach nuair a deimhníodh gur éirigh go maith leis an bhfear a tharrtháil.
• Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.