Amadach! Zelensky ar buile faoi mhoill ar Nato glacadh leis an Úcráin

Tá sé ráite ag Nato go gcuirfidh siad cuireadh don Úcráin a bheith mar ball den bhloc nuair atá ‘comhaontú i measc na baill ar fad’, de réir tuairisc ó Conchúr Ó Faoláin

Bhuail ceannairí Nato le chéile i Vilnius don chéad lá den chruinniú mullaigh acu. Tá siad tar éis socrú a dhéanamh go mbeidh cead ag an Úcráin ballraíocth a ghlacadh leo.

Mar sin féin níl sonraí cruinn ann go fóill faoi cathain a tharlóidh sin.

Dúirt ceannairí an 31 tír go mbeidh cuireadh á chur chun na hÚcráine nuair atá ‘comhaontú i measc na baill ar fad’ agus nuair a mbeadh deireadh leis an gcogadh i gcoinne na Rúise.

Deir na cheannairí gur dul chun cinn suntasach é seo ó na sochrúcháin a rinneadar siar i 2008 i mBucharest go mbeadh an Úcráin mar bhall amach anseo.

zelensky 1
Volodymr Zelensky

Ach tá díomá ar Uachtaráin na hÚcráine, Volodymr Zelensky, faoin gcinneadh, a bhí ag slógadh mór i Vilnius sula bhuail sé le cheannairí Nato.

Léirigh sé a frustrachas ar Twitter, ag rá go raibh sé ‘amadach nach bhfuil amlíne leagtha amach do chuireadh nó don Úcráin an bhallraíocht fhéin a ghlacadh’ le Nato.

Ach, bhí sé ráite freisin aige go raibh sé ‘buíoch’ as ucht an dul chun cinn ar fad déanta ag Nato agus a chomhghuallaithe, agus é ag tagairt do tuilleadh armlón dá thír.

SCÉAL EILE: Athrú mór le Nato: Rachaidh an tSualainn isteach anois ach caithfidh an Úcráin fanacht

Freastalóidh an tUasal Zelenskyy inniu ar an gcéad chruinniú ag Comhairle Nato na hÚcráine.

Sé sin grúpa nua chruthaite ag Nato chun guth cothrom a thabhairt don’ tír ar na ceisteanna is mó atá ag an mbloc faoi láthair.

Buailfidh Uachtaráin na Stáit Aontaithe, Joe Biden, leis an tUasal Zelenskyy inniu comh maith.

Agus Zelenskyy ag labhairt ag an chruinniú mullaigh inné, dúirt Moscó gur ghabhadar 1.5km de thalamh in oirthear na hÚcráine.

Má dheimhnítear é seo, tabharfaidh sé seo níos chongraí iad go baile Lyman, baile sa Donbass atá mar mol iompair san Úcráin.


Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram