Athrú mór le Nato: Rachaidh an tSualainn isteach anois ach caithfidh an Úcráin fanacht

Tá cruinniú tábhachtach á reáchtáil ag ceannairí Nato agus tá sé tagtha chun solais nach gcuirfidh an Tuirc stop leis an tSualainn a bheith páirteach ann a thuilleadh – ach tá glactha ag an Úcráin leis go bhfuil sé ró-luath chun í a bheith ina ball, de réir tuairisc ó Conchúr Ó Faoláin

Tá Uachtarán na Tuirce (Turkey) Recep Tayyip Erdogan sásta tacú le hiarracht atá ag an tSualainn (Sweden) a bheith páirteach i Nato anois.

Dúirt Jens Stoltenberg, príomhfheidhmeannach Nato go gcuirfeadh ceannaire na Tuirce tairiscint na Sualainne ar aghaidh chuig an bparlaimint in Ancara agus go ndéanfadh sé cinntiú go glacfar leis.

tSualainn
Jens Stoltenberg

Chaith an Tuirc míonna roimhe seo ag cur bac ar iarratas na Sualainne, agus í á cur ina leith go raibh sí ina hóstach do mhílíste Coirdíneach (Kurdish militants).

Tháinig an t-athrú meon díreach roimh an cruinniú mullaigh (summit) ag Nato inniu agus amárach i Vilnius sa Lituáin.

Ar ndóigh tá an Úcráin ag iarraidh a beith mar bhall de Nato freisin ach is léir nach bhfuil na baill go léir aontaithe faoi sin.

Ba é seo an cheathrú uair a bhuailfidh siad le chéile ó ionradh na Rúise ar an Úcráin ar an 24 Feabhra 2022.

SCÉAL EILE:
Martin ‘á lorg le bheith ina Uachtarán nua ar Choimisiún an Aontais Eorpaigh’

Feictear go bhfuil na tírthe atá lonnaithe san ‘iarthar’ amhrasach faoi ballraíocht a thabhairt dóibh agus an chogadh ag dul ar aghaidh.

Agus anois tá sé ráite ag Uachtaráin na hÚcráine, Volodomyr Zelenskyy, áfach, nach bhfuil sé ag súil go nglacfaidh a thír ballraíocht leis an mbloc sula mbeidh deireadh leis an gcogadh.

Ag an am céanna tá na rialtais in oirthear na hEorpa ag iarraidh ceadúnas a thabhairt don tír ballraíocht a ghlacadh gan mhoill.

Ar an Domhnach, dúirt Uachtaráin na Stáit Aontaithe, Joe Biden, nach bhfuil an Úcráin réidh le ballraíocht a ghlacadh le Nato go fóill.

tSualainn
Joe Biden

’Ní dóigh liom go bhfuil comhaontacht (unanimity) i Nato go dtabharfar nó nach dtabharfar an Úcráin isteach i dteaghlach Nato anois, ag an nóiméad seo, i lár cogadh,’ a dúirt Biden le CNN.

Mar sinn fhéin, tá sé raite ag Aire Eachtrach na Liotuáine, Gabrielius Landsbergis, gur tharla dhá ionradh ar thalamh na hÚcráine agus iad ag fanacht 14 bliain ar fhreagra ó Nato.

‘Tá sé thar am againn suí síos agus freagra ceart a fháil maidir le conas a bheidh an Úcráin ag bogadh níos gaire do Nato agus cathain a bheidh siad ina mball den chomhghuaillíocht,’’ a dúirt sé.

Tá an tSualainn ag lorg ballraíochta sa bhloc tar éis dá comharsain, an Fhionlainn, ballraíocht a ghlacadh cupla mí ó shin, ar an 4 Aibreán.

SCÉAL EILE:
Trump ar thaifead fuaime ag caint ar dhoiciméid ‘top secret’

Caithfidh gach tír i Nato ceadúnas a thabhairt d’aon bhall nua, agus bhí an Tuirc míshásta ghlacadh lena iarratas roimhe seo.

Bhí Uachtaráin Erdogan ag rá go gcaithfidh an Aontas Eorpach ligeaint dá thír ballraíocht a ghlacadh leis an Aontas Eorpach sula ligfidh siad don tSualainn ballraíocht a ghlacadh le Nato.

‘Tá an Tuirc ag fanacht ag geata an Aontais Eorpaigh le breis agus 50 bliain anois,’ a dúirt an tUasal Erdogan ag preasagallamh, roimh dó taisteal go Vilnius don chruinniú.

Críochnóidh an chrinniú idir cheannairí Nato ar Dé Céadaoin.

Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram