Bhí frithfhreagairt (backlash) mór feargach ann nuair a bhuaigh bean thrasinscneach comórtas áilleachta náisiúnta.
Bhuaigh Rikkie Valerie Kollé comórtas Miss Netherlands ach tá daoine ar buile ar líne faoi sin.
Tá Kollé cáilithe anois don chomórtas idirnáisiúnta Miss Universe, áit a mbeidh sí ar an dara bean thrasinscneach riamh a bheidh san iomaíocht.
Roinn Kollé, atá 22 bliain d’aois, a áthas lena lucht leanúna ar na meáin shóisialta tar éis di a coróin a fháil.
Mar sin féin, roinn daoine nach n-aontaíonn lena rannpháirtíocht a tuairimí ar líne agus iad ag gearán faoi.
Chuaigh an scéal i bhfeidhm go mór ar an bpoba agus léiríonn an freagairt díospóireacht chultúrtha dhomhanda maidir le glacadh le LGBTQ+ sa saol poiblí, tráth a bhfuil cuimsiú trasinscneach faoi bhrú.
Sna Stáit Aontaithe, cuireann an cath polaitiúil go mór le forásach i gcoinne coimeádach, cé go léiríonn vótaíocht go bhfuil níos lú tacaíochta ag cearta trasinscne i measc Meiriceánaigh ná cearta LGBTQ+ níos leithne cosúil le pósadh aerach.
Tar éis di labhairt faoina pobal a bheith bródúil as, lena n-áirítear emoji bratach ‘trans’, scríobh Kollé: ‘Tá mé “trans” agus ba mhaith liom mo scéal a roinnt ach is Rikkie mé freisin agus sin an rud atá tábhachtach domsa.
‘Rinne mé é seo i m’aonar agus thaitin sé liom, gach nóiméad de.’
Ach fós bhí daoine á cáineadh.
SCÉAL EILE: A Swift one! Réaltaí na Banshees ag lorg ‘real pint’
‘Sea rinne tú é, níl ort ach bua a ghoid ó fhíorbhean,’ a scríobh @fenda_rosa.
‘Tá go leor den na “bull****” seo faighte againn. Ghoid tú an teideal seo ó fhíormhná. Níl aon rud ar bith agat le bheith bródúil as,’ a scríobh @sensiblyshy.
Dúirt cuntas darb ainm @stan_entrepreneur, ‘Is olc an rud é seo…’
‘Ghoid fear an chéad áit a bhí ag bean agus faigheann sé bualadh bos mar gheall air.
‘Ciorcal iomlán, mharaigh muid 200 bliain d’obair na mban a throid ar son an chomhionannais,’ a scríobh @dancecareers.world.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.