€41 billiún i sé mhí, táimid saibhir agus ag éirí níos saibhre!

Fuair an Rialtas €41 billiún i gcánacha laistigh de shé mhí, agus tá pacáiste gearrtha cánach de €1.15 billiún ag teacht.

Bhailigh an Rialtas €41 billiún i gcánacha sa chéad leath den bhliain seo – agus tháinig €25.8 billiún de sin ó cháin ioncaim agus VAT.

Bhí €10.5 billiún den €41 billiún i gcánacha chorparáide.

Tháinig an chuid is mó den airgead breise atá ag an Rialtas anois ó cháin ioncaim bhreise agus VAT (cáin bhreisluacha, CBL), a íocann gnáthdhaoine den chuid is mó, agus cáin chorparáide bhreise a íocann cuideachtaí idirnáisiúnta.

Cuirfidh sé seo brú ar an Rialtas cabhrú le teaghlaigh íoc as an gcostas maireachtála ard i mbuiséad mhí Dheireadh Fómhair.

Tá sé ráite ag an Rialtas go bhfuil sé i gceist acu caiteachas i mBuiséad Dheireadh Fómhair a mhéadú 6.1% go €91.2 billiún.

 €41 billiún
Cuirfidh sé seo brú ar an Rialtas cabhrú le teaghlaigh íoc as an gcostas maireachtála ard i mbuiséad mhí Dheireadh Fómhair.

Tar éis na figiúirí a bheith foilsithe, sheol an tAire Airgeadais Michael McGrath Summer Economic Statement an Rialtais.

Léiríonn sé seo go bhfuil sé beartaithe aige €6.4 billiún breise a chaitheamh i mbuiséad mhí Dheireadh Fómhair, rud a thugann an tsuim go €91.2 billiún.

Cuimseoidh sé sin €5.25 billiún breise i gcaiteachas agus pacáiste gearrtha cánach de €1.15 billiún.

Léiríonn tuairisceáin státchiste (exchequer returns) leathbhliana arna bhfoilsiú Dé Máirt ag an Roinn Airgeadais gur bhailigh an Rialtas díreach faoi bhun €41 billiún i gcánacha le linn na chéad sé mhí den bhliain.

Bhí sé sin 11% nó €4 billiún níos mó ná an tréimhse chéanna anuraidh.

Bhí cáin chorparáide €10.5 billiún níos airde ná riamh don tréimhse sé mhí, €1.8 billiún nó 20% níos mó ná an t-am seo anuraidh.

Dúirt an Roinn gur tharla sé seo mar gheall ar ‘méaduithe suntasacha ar bhrabúsacht san earnáil ilnáisiúnta’.

€41 billiún

Táthar ag súil go mbeidh na cánacha gnó ar an leibhéal is airde riamh ag €24 billiún i mbliana, de réir réamhaisnéisí na Roinne.

Tháinig an cháin ioncaim a ghlac an Rialtas isteach go dtí €15.5 billiún, sin €1.3 billiún (8.9%) níos mó ná an tréimhse chéanna anuraidh, agus bhí sé níos airde ná mar a bhí súil ag an Roinn.

Is dócha go bhfuil sé seo mar gheall ar an ardfhostaíocht.

Thug ioncam ar VAT €10.3 billiún isteach don Rialtas a bhí €1.2 billiún (13.5%) níos airde ná sa tréimhse chéanna anuraidh. Léiríonn sé seo go raibh caiteachas ard.

Dúirt an tUasal McGrath go léiríonn na huimhreacha státchiste is déanaí ‘go ginearálta, go bhfuilimid san áit a rabhamar ag súil le bheith i dtéarmaí ioncam cánach’.

Dúirt sé: ‘Tá cáin ioncaim agus VAT fós láidir, rud a léiríonn neart ár ngeilleagair, ach tá cáin chorparáideach luaineach (volatile) fós ina leochaileacht don airgeadas poiblí.’


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram