D’íoc ‘household name’ ón BBC déagóir as grianghraif ghnéis, de réir líomháinti

Dúirt an BBC go dtógann siad ‘aon líomhaintí an-dáiríre’ agus go bhfuil imscrúdú ar siúl acu.

Líomhnaíodh (It is alleged) gur íoc an láithreoir fireann ón BBC breis agus €40,000 leis an déagóir ó 2020 i leith.

Agus líomhnaítear gur iarr an láithreoir, nach bhfuil ainmnithe, ar íomhánna den chéad uair ón déagóir nuair a bhí an duine 17 mbliana d’aois agus go bhfuil roinnt íocaíochtaí déanta aige thar na blianta, de réir The Sun.

Dúirt The Sun go raibh gearán déanta ag an teaghlach ar an 19 Bealtaine agus go bhfuil an BBC tar éis an réalta a bhaint den aer anois.

Níl aon duine i gceist ainmnithe.

Tar éis tuairimíocht ar líne faoin nuacht, chuir go leor daoine iad féin as an áireamh go poiblí, lena n-áirítear Rylan Clark, Gary Lineker, Nicky Campbell agus Jeremy Vine.

BBC

Ag tweetáil ar Dé Sathairn, dúirt Clark, 34, go raibh sé ag scannánú don BBC san Iodáil faoi láthair, agus dúirt sé, ‘that ain’t me babe’.

Chuir Lineker tweet amach freisin ag rá nach seisin a bhí i gceist, ag tagairt dá ‘haters’.

Agus ba chosúil go dtuairisceodh Campbell tweets a chúisigh an scéal do na póilíní, agus é ag roinnt ‘screenshots’ ar an suíomh.

‘Sílim go bhfuil sé tábhachtach seasamh a ghlacadh. Tá an iomarca de na daoine seo ar na meáin shóisialta. Go raibh maith agaibh as bhur tacaíocht a chairde,’ a dúirt sé.

Idir an dá linn, dúirt máthair an déagóra, atá 20 bliain d’aois anois, leis The Sun go raibh sí ‘shocked’ tar éis pictiúr den fhear ina shuí ina chuid fo-éadaí a fheiceáil, a tógadh as ‘video call’ idir an bheirt.

Dúirt sí freisin go bhfaca sí ráitis chuntais bhainc a thaispeánann íocaíochtaí de níos mó ná £35,000 (€40,000), lena n-áirítear suim amháin de £5,000.

Dúirt sí gur iarr an láithreoir ar ‘léirithe’ agus gur bhain an déagóir úsáid as an airgead chun andúil (addiction) ‘crack cocaine’  a mhaoiniú, rud a scrios a shaol.

‘Ba bhreá liom é a fheiceáil ar an teilifís. Bhí ionadh orm pictiúr de a fheiceáil ina shuí ar tolg ina theach ina fho-éadaí,’ a dúirt sí le The Sun.

‘Níl uaim ach go stopfadh an fear seo ag íoc mo pháiste as pictiúir gnéis agus stop a chur leis nós drugaí mo linbh a mhaoiniú.’


Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram