Fadhb do Ghaillimh, tá ‘Mass appeal’ ag an iománaíocht i Luimneach!

07/07/2023

Tá tarraingt mhór ag an iománaíocht mar reiligiún i Luimneach! Ach níl an oiread sin i nGaillimh, de réir na sagairt.

Tá ceithre pharóiste i Luimneach ag bogadh a n-uaireanta Aifrinn ar Dé Sathairn.

Tá siad ag thabhairt deis do na daoine dílis ómós a thabhairt dá n-iománaithe i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Mar sin féin, níor léirigh sagairt na Gaillimhe an spéis chéanna in aon athrú a dhéanamh.

Tá paróistí Chill Fhíonáin, Chill Mocheallóg, an Ghleanna Rua agus Ard Phádraig ag tabhairt a n-amanna Aifrinn chun cinn, le deis a thabhairt do daoine féachaint ar an chluiche.

Luimneach

Imreoidh Luimneach in aghaidh na Gaillimhe le seans a fháil isteach sa chluiche ceannais, leis an dara cluiche idir Cill Chainnigh agus An Clár ar Dé Domhnaigh.

Dúirt an tAthair Michael O’Shea ó pharóiste Chill Fhíonáin go raibh sé thar a bheith sásta freastal ar a lucht leanúna.

Dúirt sé: ‘Cinnte nach é an spórt is mó riamh é?’

Tá an-suim sa chluiche i gCill Fhíonáin le beirt fhear áitiúil ar an bhfoireann – cúl báire Nickie Quaid agus an tosaí Graeme Mulcahy.

Dúirt an tAthair O’Shea go dtabharfaí paidreacha speisialta don bheirt iománaithe sin, a bhí ag cur an pharóiste bródúil as a gcuid feidhmíochta don chontae thar na blianta.

Dúirt sé freisin gur chreid sé go mbeadh an bua ag Luimneach agus go raibh creideamh ag an gcontae go n-éireodh leis an bhfoireann ceithre chluiche ceannais na hÉireann as a chéile a fháil.

Déanfaidh sé cinnte a ‘vestments’ glasa a chaitheamh amárach.

SCÉAL EILE: Seans ag iománaithe na Gaillimhe? An Dúshlán is deacra fós os a gcomhair

‘Is sárfhoireann iad, táimid bródúil astu agus guímid gach rath orthu,’ a dúirt sé.

Ach fós tá fonn ar Ghaillimh imirt ina gcéad Cluiche Ceannais na hÉireann ó 2018.

Is cosúil go bhfuil sagairt a gcontae níos moille ag bogadh a n-Aifrinn, chun áit a dhéanamh don chaitheamh isteach 6pm.

Dúirt an tAthair Diarmuid Hogan, sagart paróiste i nGaillimh, nach raibh sé ar an eolas faoi aon athruithe seirbhíse sa cheantar.

‘Ní am maith iad na cluichí Dé Sathairn d’Aifreann tráthnóna Dé Sathairn, ach go traidisiúnta bíonn paróistí an-mhall ag athrú amanna Aifrinn,’ a dúirt sé.

Meastar go mbeidh idir 50,000 agus 60,000 duine ag taisteal go Baile Átha Cliath don chluiche mór.

Tá éileamh mór ar iompar poiblí ó lucht tacaíochta agus lucht leanúna a théann go Páirc an Chrócaigh.

Tá seirbhísí breise curtha ar fáil ag Iarnród Éireann ó Stáisiún Colbert lena n-áirítear traein ag imeacht ag 12.10pm, agus seirbhís fillte speisialta ag fágáil Stáisiún Heuston i mBaile Átha Cliath ag 9.50pm.


Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht
agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach
lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun
cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp,
abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir
dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram