Imreoidh an Éireannach Collins peil shinsear anois tar éis dó bogadh go dtí Brentford ó Wolves le comhaontú sé bliana.
Tar éis an aistrithe, dúirt príomhchóiste Brentford Thomas Frank: ‘Feicim cumas ceannaireachta (leadership potential) i Nathan.
‘Is imreoir iontach é – tá ocras agus uaillmhian (ambition) air agus fonn foghlama air freisin.’
Is as Léim an Bhradáin (Leixlip) Co Chill Dara (Kildare) é Collins, atá 22 bliain d’aois. Níor nochtadh an praghas ach creidtear gur chosain sé €27 milliún (£23m).
Chaith sé bliain amháin le Wolves agus roimhe sin d’imir sé do Stoke agus Burnley. D’imir sé i 45 cluiche sa Premier League.
Dúirt Frank: ‘Tá an-áthas orm gur éirigh linn Nathan a shíniú.
‘Is cosantóir lair (centre back) an-chumasach é agus fós óg.
‘Tá a lán cumas an-mhaith aige a bhfuil meas mór againn orthu. Is cosantóir suaimhneach é.
‘Is mór an rud é a chuid oibre lena chloigeann sa dá bhosca, sa chluichí oscailte agus as sa “set pieces”, rud atá atá an-tábhachtach sa Premier League.
‘Tá a charachtar an-mhaith, agus tá a fhios againn go bhfuil gach rud i gceist leis an gcarachtar sin. Luíonn sé isteach inár gcultúr, níl aon amhras orm faoi sin.’
Tá sé mar aidhm ag Collins cabhrú leis an gclub feabhas a chur ar an gcríoch is fearr riamh a bhí acu sa Premier League, tar éis dóibh a chríochnú sa naoú háit i séasúr 2022-23.
Dúirt sé: ‘Labhair mé leis an mbainisteoir agus le roinnt den fhoireann sa chúlra faoin tionscadal anseo.
‘Is club é atá ag méadú agus is féidir liom a fheiceáil cá bhfuil siad ag iarraidh dul. Tá sé spreagúil a bheith anseo.
‘Is maith liom peil a imirt. Ba mhaith liom a beith ag druibleáil (dribbling), ag imirt agus a chruthú. Tosaíonn gach rud ar chúl.
‘Is féidir liom liathróidí fada agus liathróidí gearra a imirt. Ach, ag deireadh an lae, is cosantóir mé agus caithfidh mé an liathróid a cheannaireacht, í a bhuachan agus mo dhúshláin a bhuachan.’
Tar éis dó a pheil scoile a imirt le Leixlip United agus Cherry Orchard, shínigh Collins do Stoke City I 2019 sular bhog sé go Burnley I 2021.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.