Tá Angela, an óstach Ask Me Anything, le bheith i measc an chéad bhaisc de dhaoine cáiliúla a chláraigh do Strictly Come Dancing na bliana seo.
Tá an láithreoir atá 39 bliain d’aois agus as Co. na Mí ina hóstach ar Your Home Made Perfect ar BBC2 freisin.
Beidh sí le feiceáil anois ar an gcomórtas rince móréilimh atá ar ais don 21ú sraith.
Deir foinsí ag an BBC go bhfuil siad thar a bheith sásta gur éirigh leo í a fháil dá lucht leanúna, ag cur leis go bhfuil siad ag súil go rachaidh sí i bhfad sa chomórtas.
Thosaigh Angela ar Off The Rails agus chuir sí Angela Scanlon: Full Frontal i láthair sular bhog sí go The One Show ar BBC One.
In 2019, tugadh a seó BBC féin di, Your Home Made Perfect.
Dúirt foinse amháin: ‘Tá sé deacair an meascán ceart a fháil do Strictly gach bliain, ach ceapann léiriteoirí go bhfuil Angela foirfe dó.
‘Tá an-tóir uirthi i measc lucht féachana an BBC ach, murab ionann agus an oiread sin daoine cáiliúla, níl cúlra damhsa aici agus mar sin beidh lucht leanúna Strictly in ann dul ar thuras fíor-thaitneamhach léi.
‘Is maith le na léiritheoirí láithreoir teilifíse leis an “glamour” ach atá oiriúnach don teaghlach ar fad freisin, gach bliain, mar is breá leis an lucht leanúna iad.’
Ní dócha go mbeidh tionchar ag an ‘Strictly curse’ – a chuir deireadh le go leor póstaí ó thosaigh an seó in 2004 – ar an réalta mar go bhfuil sí pósta go sona leis an éiceafhiontraí Éireannach Roy Horgan agus tá beirt iníonacha ag an mbeirt, Ruby, ceithre, agus Marnie, aon.
Phós sí féin agus Roy, a bhfuil cónaí orthu i Londain anois, in 2014 ag searmanas i gCo. Chill Mhantáin.
Is podchraoltóir rathúil í Angela freisin agus bíonn sí ina hóstach ar a podchraoladh féin, Thanks A Million, a n-éisteann na céadta mílte de lucht leanúna leis.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.