‘Rug Kevin Spacey orm agus mé ag tiomáint chuig cóisir Elton John’

Rug Kevin Spacey duine dá íospartaigh líomhnaithe agus iad ag tiomáint chuig cóisir Elton John, dúradh i gcúirt.

Thairis sin, dúirt an cúisí i gcoinne an t-aisteoir Hollywood Kevin Spacey gur cheap sé go mbeadh timpiste ann.

Bhí clú agus cáil ar iompar ‘creachach (predatory) ‘ an aisteoir ag Old Vic Theatre i Londain, dúradh leis an giúróirí.

Tugadh rabhadh d’fhir óga ‘a bheith cúramach’ den réalta Hollywood, dúradh leo freisin.

Cuireadh síos ar an mbuaiteoir Oscar, a bhí ina stiúrthóir ealaíne ar an amharclann Old Vic idir 2003 agus 2015, mar dhuine “sleamhain, snaky” a bhreathnaigh ar bhuachaillí i mbialanna cé go raibh sé ceaptha a bheith ag dul amach le Helen Hunt.

Kevin Spacey ag dul go cóisir Elton John
Elton John

Dúirt duine amháin a chúisigh Spacey, atá 63 bliain d’aois, as é a chrúbáil (grope): ‘Ba mhór an magadh a bhí ann faoin méid a bhí ar siúl thall ansin ag an Old Vic.

‘Dá dtiocfadh printíseach (apprentice) nua isteach a bhí ina ghasúr óg déarfaidís, “Ó is fearr a bheith cúramach, an tuigeann tú?”

‘Bhí a fhios go maith cad a bhí ar siúl ar ndóigh.’

Tá Spacey cúisithe as dosaen ionsaithe gnéis ar cheathrar fear óg idir 2001 agus 2013. Séanann Spacey na cúisimh go léir.

Chuir an finné cúisí ar Spacey as ionsaí a dhéanamh air timpeall 12 uair ar an mbealach chuig páirtithe A-liosta ar fhreastail aisteoirí Hollywood agus cuid de na teaghlaigh is saibhre sa Bhreatain orthu.

Dúirt an gearánach le giúróirí gur thosaigh Spacey ag mothú ‘teagmhálach’ timpeall coicíse tar éis dóibh bualadh le chéile, ag cuimilt a mhuineál agus a chos, ag maíomh go raibh sé ag faoiseamh matáin an-daingean (relieving tight muscles), agus é ag tiomáint.

Líomhnaítear gur chuir an t-aisteoir a lámh trasna an suíocháin tosaigh chun teagmháil a dhéanamh le ‘crotch’ an fhir eile.

Ar an mbealach go dtí an White Tie agus Tiara Ball i dteach Elton John, deirtear gur rug Spacey chomh crua air agus gur bheag nár dhírigh sé as an mbóthar.

Dúirt an finné: ‘Chuaigh sé go dtí go leor cóisir mhóra ag an am, bhí an-cháil air agus bhí sé díreach tar éis American Beauty a dhéanamh.

‘Bhí sé buartha faoin bpreas ag tógáil pictiúir de agus mar sin bhí sé ar an imeall.

‘Rug sé orm chomh dian is gur tháinig mé beagnach as an mbóthar. Is léir go raibh sé ag ól, agus drugaí freisin, agus bhrúigh mé in aghaidh an dorais é agus dúirt, “Ná f*****g déan é sin arís nó cnagfaidh mé amach thú”.

‘Thosaigh sé ag gáire faoi sin, ag rá: “Ooh sin ‘turn on’ domsa, ó tá tú a leithéid de fhear,” a dúirt sé. Bhí náire orm go ndearna sé sin.’

Chuir an t-íospartach an t-aisteoir i gcomparáid lena charachtar ‘uafásach’ sa scannán mór le rá Seven.

Dúirt sé le Cúirt na Corónach Southwark i Londain go ndéanfadh Spacey ‘iarracht tú a tharraingt isteach sa rud seo’ trí shuíocháin tosaigh a thabhairt dó féin agus dá chailín ag premiere agus ag dinnéir.


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram