Oscar breá leis an Ghaeilge! Mescal agus Colm Bairéad sa ‘Hollywood Acadamy’

03/07/2023

B’fhéidir go mbeidh seans níos fearr ag Paul Mescal, an Gaeilgeoir is cáiliúla ar domhan,  Oscar a bhuachan an chéad uair eile.

Is féidir le Paul Mescal – atá chomh clúiteach anois as a ‘clip’ scannáin le cúpla focal agus atá sé as aisteoireacht –vótáil ar a shon féin.

Tá cuireadh faighte aige dul isteach sa chlub mór le rá, an ‘Academy of Motion Picture Arts and Sciences’ i Hollywood.

Is iad sin na daoine a shocraíonn lena vótaí cé a gheobhaidh na hOscars gach bliain.

Agus tugadh cuireadh freisin don Ghaeilgeoir Colm Bairéad a stiúir An Cailín Ciúin agus réalta ban The Banshees of Inisherin, Kerry Condon dul isteach san Acadamy.

Tá an triúr ainmnithe cheana féin le haghaidh Oscar.

Bhí Mescal, arb as contae Chill Dara é, ina réalta sa tsraith theilifíse Normal People agus ainmníodh é le haghaidh Oscar don scannán Aftersun.

Faoi láthair tá sé ag glacadh an phríomhróil sa ‘sequel’ den scannán de chuid Ridley Scott, Gladiator, a raibh Russell Crowe ina réalta aige.

Mescal san Acadamy
An Cailín Ciúin

Bhí Condon, arb as Co Thiobraid Árann í, ina réalta i Hollywood i bhfad sular bhain sí ainmniúchán Oscar amach in The Banshees. Bhí róil aici i roinnt scannán sa tsraith Avengers, agus sna scannáin Three Billboards Outside Ebbing, Missouri, agus Better Call Saul.

Ainmníodh Bairéad, arb as Baile Átha Cliath é, d’Oscar le haghaidh An Cailín Ciúin agus tá an cineamatagrafaí ar an scannán sin, Kate McCullough ar an liosta freisin.

SCÉAL EILE: Fuarthas Madonna ‘unresponsive’ agus tugadh chuig ICU í. Anois tá  amhras faoi chamchuairt nua

Agus ní hé sin deireadh le suim an Acadaimh i i dtallann na hÉireann.

Tá Tom Berkeley agus Ross White, a bhuaigh Oscar dá ngearrscannán An Irish Goodbye ar an liosta.

Is amhlaidh freisin atá an léiritheoir Éireannach Fodhla Cronin O’Reilly, a bhí bainteach le Ammonite agus Lady Macbeth, agus David Burke, Príomhoifigeach Margaíochta & Oibríochtaí (Chief Marketing & Operations Officer) ag stiúideo beochana (animation) Laika, sna Stáit Aontaithe.

Mescal san Acadamy
Taylor Swift

Daoine cáiliúla nach Éireannaigh iad a bhí ar an liosta freisin ná Taylor Swift, as a cuid oibre ar Cats agus Where The Crawdads Sing; Abel Tesfaye, aka The Weeknd, as a chuid oibre ar Avatar: Way Of Water agus Fifty Shades Of Grey agus Austin Butler a ainmníodh le haghaidh Oscar in 2022 do Elvis.

Mar sin a mbeidh seans nios fearr acu as seo amach?

Cinnte, ach caithfidh go mbeidh sé deacair go leor do bhall den ‘Acadamy’ vóta a thabhairt dóibh féin.

Ach ar a laghad bheadh siad in ann cúpla focal a chur sa chluas ceart.

Agus rud amháin a thuigeann muid faoí Paul Mescal: tá cúpla focal aige!


Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram