Kielty le €250,000 a fháil in aghaidh an tséasúir de 30 seó – agus chun íoc as a chuid eitiltí agus lóistín féin

Tá sé tugtha le fios ag óstach nua an Late Late Show ar RTÉ, Patrick Kielty, go n-íocfar €250,000 leis in aghaidh gach séasúir, de réir tuairisc ag RTÉ News.

Beidh 30 seó in aigh as séasúr, agus tá conradh sínithe aige ar feadh trí shéasúr.

I ráiteas, dúirt an tUasal Kielty: ‘Tá áthas orm a bheith in ann a rá ar deireadh gur shínigh mé comhaontú le trí shéasúr chun The Late Late Show a óstáil ag tosú i mí Mheán Fómhair seo chugainn.

‘Tá €250,000 á íoc liom in aghaidh an tséasúir 30 seó. Má iarrann RTÉ seónna breise, íocfar as ar bhonn pro-rata.

Patrick Kielty
Patrick Kielty

‘Tá íocaíocht aonuaire de €20,000 á fháil agam freisin chun an réamhléiriú agus na cleachtaí a chlúdach ó seo go Meán Fómhair.

‘Ceadaíonn an conradh dom costais eitilte agus lóistín a chur isteach, ach tá sé seo tarscaoilte (waived) agam.

‘Tá sé ráite agam go soiléir do RTÉ go mbeidh mé ag íoc as m’eitiltí agus mo chostais lóistín féin.

‘D’iarr mé freisin ar RTÉ mo chuid eitiltí a fhritháireamh (offset)  i leith carbóin.

‘Tá súil agam go gcabhraíonn sé seo le rudaí a shoiléiriú don todhchaí. Ní féidir liom fanacht chun tús a chur leis.’

Bhí éileamh déanta ag roinnt polaiteoirí go ndéanfaí íocaíochtaí iomlána Kielty ó RTÉ a chuir os comhair an phobail, tar éis na trioblóide faoi na híocaíochtaí ‘rúnda’ do Ryan Tubridy.

Chuala  Coiste Meáin an Oireachtais gur ghlac an Stiúrthóir Ábhar, an Príomhoifigeach Airgeadais agus an rannóg dlí in RTÉ páirt in idirbheartaíocht le Kielty maidir lena chuid íocaíochtaí.

úirt an Príomhoifigeach Airgeadais Richard Collins gur chuir sé Cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, ar an eolas faoi na sonraí.

Dúirt sé go bhfuil an conradh le Kielty sínithe ag an dá thaobh.


Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram