Shéan an réalta Hollywood Spacey, atá 63 bhliain d’aois, 12 chúiseamh roimhe seo lena n-áirítear ionsaí gnéis agus ionsaí mígheanasach (indecent assault).
Cloisfidh Cúirt na Corónach I Southwark faoi líomhaintí ó idir 2001 agus 2013.
Phléadáil an t-aisteoir neamhchiontach i mí Eanáir as trí chúiseamh d’ionsaí mígheanasach, trí chúiseamh d’ionsaí gnéasach agus as cúis amháin a chuir ar dhuine gabháil do ghníomhaíocht ghnéasach gan toiliú (consent).
Shéan an t-aisteoir, a bhuaigh dhá Oscars roimhe seo, ceithre chúiseamh eile maidir le hionsaí gnéis agus ceann amháin as a bheith ina chúis le duine dul i mbun gníomhaíochta gnéis ‘penetrative’ gan toiliú.
Tá seoladh ag Spacey i Waterloo, Londain Theas, ach tá cónaí air sna Stáit Aontaithe freisin, áit a bhfuil teaghlach agus madra aige.
In éisteacht chúirte tosaigh ag Cúirt Giúistísí Westminster i mí an Mheithimh, dúirt dlíodóir Spacey, Patrick Gibbs QC, go ndiúltaíonn a chliant ‘aon choiriúlacht sa chás seo’ go dian.
Dúirt an tUasal Gibbs gur fhill an cosantóir ar an Bhreatain ‘chun a neamhchiontacht a dheimhnigh’ agus ‘dul ar aghaidh lena shaol’.
Tá cáil air as a bheith ina réalta i House of Cards, American Beauty agus The Usual Suspects agus bhí sé ina stiúrthóir ealaíne ag amharclann an Old Vic i Londain idir 2004 agus 2015.
Tá Spacey ar bannaí gan choinníoll.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.