Foláireamh sláinte! Deir an HSE le díoltóirí dhá tháirge ‘Vape’ a thabhairt ar ais

29/06/2023

Tá rabhadh eisithe ag an HSE maidir le dhá tháirge Vape a bhfuil níos mó nicitín iontu ná mar a cheadaítear.

Deirtear go bhfuil Vape ‘Fantasi Ice Orange’ (cód bhaisc 20614188) agus ‘Fantasi Ice Remix Blackcurrant and Lemon’ (cód bhaisc 20506085) ina bhagairt thromchúiseach do shláinte agus sábháilteacht an phobail.

Iarr an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) ar mhiondíoltóirí (retailers) a dhíolann na táirgí iad a thabhairt ar ais.

vape

Tá rabhadh á thabhairt do daoine gan na táirgí a úsáid.

Chuir an Oifig Náisiúnta um Rialú Tobac de chuid Sheirbhís Sláinte Comhshaoil an HSE foláireamh isteach chuig European Safety Gate tar éis a fháil amach go raibh níos mó ná an méid nicitín ceadaithe sna táirgí Vape.

Nuair a rinneadh na táirgí a shampláil agus a anailísiú, fuair an HSE amach go raibh an méid nicotín suas le 25.3mg/ml, atá 5.3mg/ml thar an méid ceadaithe de 20mg/ml.

SCÉAL EILE: Féach ar an bhfíseán den amhrán nua le Glen Hansard agus Markéta Irglová

Tuigtear nach ndearbhaíonn an pacáistiú ar na táirgí ach nach bhfuil an céatadán ceart de nicotín aige.

Dúirt Príomhoifigeach Sláinte Comhshaoil Réigiúnach (Regional Chief Environmental Health Officer) an HSE, an Dr Maurice Mulcahy: ‘Mar bheart réamhchúraim (precautionary), is é an teachtaireacht atá againn don phobal ná seiceáil a dhéanamh ar na táirgí ‘Fantasi Ice’ a d’fhéadfadh a bheith agat i gcoinne an dá tháirge a bhaineann leis an bhfoláireamh seo.

vape

‘Má tá aon cheann de na táirgí seo agat, ba mhaith linn go stopfá é a úsáid agus é a thabhairt ar ais chuig an siopa inar cheannaigh tú é.’

Dúirt an Dr Mulcahy go raibh siad ag iarraidh ar mhiondíoltóirí freisin ‘stop a dhíol na táirgí atá liostaithe’ agus teagmháil a dhéanamh leis an HSE.

SCÉAL EILE: Tá ceart ag daoine eile éisteacht chóir a fháil freisin, a deir breitheamh i gcás Ammi Burke

‘Má tá aon cheann de na táirgí liostaithe díolta nó scaipthe ag miondíoltóirí, ba mhaith linn go ndéanfaí iad a fháil ar ais trí fhógra a thaispeáint in áit fheiceálach ina n-áitreabh miondíola agus ar a suíomh Gréasáin,’ a dúirt an dochtúir.


Scaip an scéal/Spread the word

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.

Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: SLÁINTE

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram