Sheol Glen Hansard agus Markéta Irglová a gcéad amhrán nua le chéile le scór bliain anuas.
Bhain an bheirt cáil amach ar fud an domhain tar éis dóibh Oscar a bhuachan as a gcuid amhrán mór le rá, Falling Slowly, ón scannán Once.
Anois tá siad ag ullmhú le dul ar camchuairt (tour) arís.
Eisíodh an scannán Once, scéal faoi bheirt bhuskers ó Bhaile Átha Cliath a léirigh Hansard agus Irglová, sa bhliain 2007 agus thaitin sé le lucht leanúna scannán ar fud an domhain.
Bhuail Hansard, atá 53 bliain d’aois, a bhí ina chara le athair Irglová trína bhanna The Frames, le Irglová in 2001, nuair a bhí sí 13 bliana d’aois.
Thaifead siad an chéad albam Swell Season ag deireadh 2005, nuair a bhí sí 17 mbliana d’aois.
Thosaigh an péire caidreamh rómánsúil níos déanaí, ach i mí Eanáir 2009, tar éis trí bliana ar camchuairt lena ngrúpa The Swell Season, d'fhógair siad go raibh scoilt acu.
‘Bhriseamar suas mar ní raibh ceachtar againn ag baint an-taitneamh as,’ a dúirt Hansard níos déanaí.
‘Is é an rud a tharla dúinn, go raibh muid cairde i dtús báire. Ansin d’éirigh linn grá a bheith againn agus ba iontach an tréimhse sin dár saol, ach d’éirigh linn a bheith inár gcairde arís.’
Chuaigh an t-amhránaí is cumadóir Seiceach-Íoslainnise (Czech-Icelandic) Irglová, atá 35 bliain d’aois, ar aghaidh chun pósadh in 2011, agus chuir Hansard a bheannacht chuici.
Cé go bhfuil siad imithe ar a mbealach féin go rómánsúil, ba é a gcleachtadh dá gcamchuairt samhraidh, lena n-áirítear dátaí ar Vicar Street, Baile Átha Cliath ar an 13 agus 14 Iúil, a rinne an bheirt a singil nua, The Answer Is Yes.
Thug Hansard cuairt ar Irglová san Íoslainn an mhí seo caite agus thosaigh sé ag obair ar smaointe nua agus sceitsí amhrán.
Dúirt sí: ‘Bhí mé ag iarraidh “duet” álainn a scríobh dúinn le canadh le chéile gach oíche.
‘Rud a mhothaigh ceart don am agus don áit; an-phearsanta agus fós uilíoch.'
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.