Tá na hamanna fógartha do chluichí móra CLG

27/06/2023

Tá na hamanna fógartha do dheireadh seachtaine de dhráma peile CLG le Ciarraí in aghaidh Thír Eoghain agus Maigh Eo i gcoinne Bhaile Átha Cliath.

Beidh dráma mór peile CLG ar siúl do cheithre fhoireann mhóra Maigh Eo, na Dubs, Ciarraí agus Tír Eoghan an deireadh seachtaine seo, tar éis tharraingt do na cluichí ceathrú ceannais.

Imreoidh na Dubs in aghaidh Mhaigh Eo agus imreoidh Ciarraí in aghaidh Thír Eoghain.

Sa dá chluiche eile imreoidh Ard Mhacha in aghaidh foireann eile as Uladh, Muineachán, agus imreoidh dhá fhoireann le láidreachtaí nua, Doire agus Corcaigh in aghaidh a chéile.

Beidh na cluichí ar fad i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh seo chugainn.

CLG  GAA

Ar an Satharn beidh Ciarraí ag imirt in aghaidh Thír Eoghain ag 3.45pm agus beidh Ard Mhacha ag imirt in aghaidh Mhuineacháin ag 6pm.

Taispeánfar na cluichí sin ar GAAGO, rud a chruthóidh roinnt conspóide mar go mbeidh an cluiche idir Ciarraí agus Tír Eoghain ar cheann de chluichí móra an tséasúir seo.

Agus ar an Domhnach imreoidh Doire in aghaidh Chorcaí ag 1.45pm agus imreoidh Baile Áth Cliath in aghaidh Mhaigh Eo ag 4pm.

Taispeánfar an dá chluiche sin ar RTÉ Sport.

Rachaidh na cluichí ar fad isteach in am breise más gá mar ní mór an buaiteoir a shocrú ar an lá.

Ag labhairt dó ar Morning Ireland ar RTÉ i ndiaidh na tarraingthe, dúirt anailísí CLG RTÉ agus iarbhainisteoir Chiarraí Eamonn Fitzmaurice gur ‘cluiche ollmhór ar ndóigh’ é an cluiche idir Áth Cliath agus Maigh Eo.

‘Ag breathnú ar nádúr na hiomaíochta idir an dá chontae agus ag dul siar go dtí an uair dheireanach, is léir go raibh an lámh in uachtar ag Áth Cliath le scór bliain ach bhuaigh Maigh Eo in aghaidh iad dhá bhliain ó shin agus mar sin is cluiche ollmhór a bheidh i gceist.

‘Ag breathnú ar nádúr na hiomaíochta idir an dá chontae agus ag dul siar go dtí an uair dheireanach, is léir go raibh an lámh in uachtar ag Áth Cliath le scór bliain ach bhuaigh Maigh Eo iad dhá bhliain ó shin agus mar sin cluiche ollmhór le súil a chaitheamh air.’

Agus ar Dé Domhnaigh dúirt am bainisteoir le Maigh Eo, Kevin McStay, go bhfuil a fhoireann suite go maith chun corn Sam Maguire a bhuachan i mbliana tar éis dóibh an bua a fháil in aghaidh na Gaillimhe i mBóthar na Trá (Salthill) i nGaillimh.

‘Faoi láthair, is dóigh liom ar ndóigh gur féidir linn an bua a fháil. Míonna ó shin, chuireamar scuad mór le chéile. Is chuige sin atá an scuad mór seo,’ a dúirt sé.

Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram