Maigh Eo in aghaidh na Dubs arís … agus cuirfear ceann acu amach as an iomaíocht

26/06/2023

Beidh dráma mór peile ar siúl do cheithre fhoireann mhóra Maigh Eo, na Dubs, Ciarraí agus Tír Eoghan an deireadh seachtaine seo, tar éis tharraingt do na cluichí ceathrú ceannais.

Imreoidh na Dubs in aghaidh Mhaigh Eo agus imreoidh Ciarraí in aghaidh Thír Eoghain.

Sa dá chluiche eile imreoidh Ard Mhacha in aghaidh foireann eile as Uladh, Muineachán, agus imreoidh dhá fhoireann le láidreachtaí nua, Doire agus Corcaigh in aghaidh a chéile.

Aidan O'Shea ar son Maigh in aghaidh na Dubs
Aidan O’Shea ar son Maigh in aghaidh na Dubs

Imreofar gach ceann de na ceithre chluiche Dé Sathairn nó Dé Domhnaigh, agus sonraí le fógairt níos déanaí.

Ag labhairt dó ar Morning Ireland ar RTÉ i ndiaidh na tarraingthe, dúirt anailísí CLG RTÉ agus iarbhainisteoir Chiarraí Eamonn Fitzmaurice gur ‘cluiche ollmhór ar ndóigh’ é an cluiche idir Áth Cliath agus Maigh Eo.

‘Ag breathnú ar nádúr na hiomaíochta idir an dá chontae agus ag dul siar go dtí an uair dheireanach, is léir go raibh an lámh in uachtar ag Áth Cliath le scór bliain ach bhuaigh Maigh Eo in aghaidh iad dhá bhliain ó shin agus mar sin is cluiche ollmhór a bheidh i gceist.

SCÉAL EILE: Maigh Eo leis an ngaoth ar a gcúl anois agus McStay sa tóir ar Sam

‘Ag breathnú ar nádúr na hiomaíochta idir an dá chontae agus ag dul siar go dtí an uair dheireanach, is léir go raibh an lámh in uachtar ag Áth Cliath le scór bliain ach bhuaigh Maigh Eo iad dhá bhliain ó shin agus mar sin cluiche ollmhór le súil a chaitheamh air.’

Lá mór a bheidh ann don dá thaobh anois, dúirt sé, díreach cosúil leis an gcluiche idir Maigh Eo agus Gaillimh Dé Domhnaigh, mar go mbeidh foireann thar barr ag dul amach tar éis chluiche ceathrú ceannais.

Spread the word/Scaip an scéal

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht  agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.

Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.

Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram