Tá úinéir caifé mór le rá Ixx Cafe i gCathair Chorcaí ag ceiliúradh a shaoránacht Éireannach le cúpla focal Gaeilge, de réir tuairisce sa Cork Examiner.
Is as an bPalaistín do Izzeddeen Akarajeh, ar le Izz Cafe lena bhean chéile, Eman.
Ag searmanas Dé Máirt, rinneadh saoránach Éireannach go hoifigiúil don Uasal Akarajeh in éineacht le beagnach 4,000 duine eile.
Chuir sé síos air mar aisling a tháinig chun críche agus ghabh sé buíochas leo siúd a thug tacaíocht dó thar na blianta.
Agus chun a mheas a léiriú labhair sé cúpla focal i nGaeilge.
Dúirt sé: 'Is aoibheann liom mo thír álainn seo.'
Agus é ag postáil i mBéarla ar Twitter dúirt sé freisin: ‘Is mór an bhróid dom a fhógairt inniu gur saoránach Éireannach mé.’
Bhí an teachtaireacht seo le grianghraf de féin ag an searmanas, áit ar chaith sé dhá shuaitheantas (badges), bratach na Palaistíne agus bratach na hÉireann.
‘Ba aisling é seo dom in am soláthair dhírigh (direct provision), laethanta mhargadh na bhfeirmeoirí (farmers market) agus an phaindéim.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Tá Taylor Swift ag teacht – agus seo an bealach le clárú le haghaidh ticéid an tseachtain seo
'Cuireann grá na hÉireann don Phalaistín mé chomh bródúil as an dá rud a mheas. Go raibh maith agat as an tacaíocht dochreidte.'
Tháinig an tUasal Akarajeh agus a bhean go hÉirinn ag lorg tearmainn (asylum) lena gceathrar leanaí agus thosaigh siad ag díol a gcuid bia ar dtús ag Margadh Feirmeoirí Mahon Point, i gcathair Chorcaí.
D’oscail siad doirse Izz Café i mBealtaine 2019 agus tá an-tóir air i measc mhuintir Chorcaí.
In 2020, ainmníodh Izz Café mar an Caifé is Fearr ag Gradaim Chomhlachas Gnó Chorcaí (Cork Business Association Awards) agus bronnadh gradam Duine Chorcaí na Míosa ar an lánúin i mí Mheán Fómhair.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.