Tá Hunter Biden, mac le Uachtarán SAM Joe Biden, tar éis pléadáil ciontach i dhá chúiseamh mí-iompair (misdemeanor charges) as gan a chánacha ioncaim a íoc d’aon gnó.
D’aontaigh sé freisin le comhaontú chun ciontú ar chúiseamh gunna (gun charge) a sheachaint.
Anois tá Donald Trump ag rá gur caitheadh go fabhrach le mac an Uachtaráin.
Chuir sé ina leith Hunter Biden go raibh naisc rúnda aige leis an Úcráin agus leis an tSín agus mar thoradh ar na héilimh sin rinne David Weiss, aturnae SAM i Delaware a cheap an tUasal Trump, imscrúdú.
D’oibrigh Hunter Biden mar stocaire (lobbyist), dlíodóir, comhairleoir do chuideachtaí eachtracha, baincéir infheistíochta (investment banker) agus ealaíontóir.
Labhair sé go poiblí faoina streachailtí (struggling) le mí-úsáid substaintí (substance abuse).
Mar uachtarán, d’iarr an tUasal Trump ar údaráis na Síne agus na hÚcráine imscrúdú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Hunter Biden ina dtíortha.
De réir na cúirte, fuair Hunter Biden ioncam inchánach de níos mó ná $1.5 milliún in 2017 agus in 2018 ach níor íoc sé cáin ioncaim na blianta sin in ainneoin go raibh níos mó ná $100,000 dlite dó.
Tá sé cúisithe freisin as gunna a bheith aige go neamhdhleathach idir 12 Deireadh Fómhair agus 23 Deireadh Fómhair 2018, nuair a bhí sé andúile (addicted) i ndrugaí.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Tá Taylor Swift ag teacht – agus seo an bealach le clárú le haghaidh ticéid an tseachtain seo
Mar gheall ar an gcúiseamh sin ghlac sé lena chiontacht i gcomhaontú a chiallaíonn nach ndéanfar é a ionchúiseamh (prosecuted) agus nach bhfuil sé ag dul go príosúin mar gheall ar an cás sin.
Is dócha go ngearrfar pianbhreith idir 12 agus 18 mí air as na táillí cánach, áfach.
D’fhéadfaí thart ar leath den am sin a chaitheamh taobh istigh de chillín príosúin, dar leis an saineolaí pianbhreithe Tess Lopez.
Ach is beag an seans go ngearrfar pianbhreith príosún air, bunaithe ar mhéid an chaillteanais chánach, ar a stádas mar chiontóir céaduaire (first-time offender) agus go bhfuil sé sásta freagracht a ghlacadh as a chuid gníomhartha.
D’inis Hunter Biden, i gcuimhneachán 2021, faoina mhí-úsáid drugaí, lena n-áirítear crack cóicín agus alcólacht.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Dlíthe i gcoinne LGBTQ+: Elton John ag cáineadh homafóibe i gcoinne Schofield … agus i Meiriceá
Scaoileadh amach as an ‘US Navy Reserve’ é in 2014 tar éis tástáil do chóicín, a dúirt foinsí ag an am.
Cháin an tUasal Trump an comhaontú le Hunter Biden.
“Wow! Tá an truaillithe Biden díreach tar éis na céadta bliain de dhliteanas coiriúil a ghlanadh trí thicéad tráchta amháin (one traffic ticket) a thabhairt do Hunter Biden.’ Tá ár gcóras briste!” dúirt sé ar a ardán TruthSocial.
Tá beirt leanaí ag an Uachtarán Biden, Hunter Biden agus a iníon Ashley Biden.
Fuair a mhac Beau Biden bás in 2015 den ailse agus fuair a iníon Naomi Biden bás agus í ina naíonán tar éis timpiste ghluaisteáin a mharaigh céad bhean Joe Biden freisin.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.