Tá an moltóir Masterchef, an cócaire agus an láithreoir John Torode tar éis filleadh ar fhréamhacha a shinsear (ancestral roots), chun ‘paisean na hÉireann’ don bhia áitiúil a aimsiú.
‘Ar nós go leor Astrálach, is as Éire a tgagann mo mhuintire. Shíl mé go raibh sé in am dom bia na tíre álainn seo a aimsiú,’ a dúirt sé.
‘Tá ceann de na larder nádúrtha is fearr ar domhan i dtírdhreacha (landscapes) iontacha na hÉireann, agus tá fíor-athbheochaint tagtha ar a chuid cócaireachta.’
Dúirt sé go mbeadh sé ag cócaireacht agus ag ithe an chuid is fearr de tháirgí Éireannacha ina chlár, John Torode’s Ireland, a rinneadh anuraidh agus a taispeánadh ar an Food Network.
Sa tsraith sé chlár, a thosóidh ar RTÉ 2 an 30 Meitheamh, rachaidh sé ar chuardach le haghaidh béilí iontacha ó bhialanna a bhfuil réalta Michelin acu i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh, go tithe tábhairne áitiúla ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin (Wild Atlantic Way), agus chuig cistine de chuid feirmeoir muice.
Buaileann sé le Seaimpíní bia na hÉireann lena n-áirítear sealgairí feamainne (seaweed foragers), ‘salmon smokers’ agus déantóirí seacláide.
‘Is ómós croíúil í an tsraith seo do thraidisiúin dochreidte cócaireachta na hÉireann,’ a dúirt an tUasal Torode.
In eipeasóid níos déanaí buaileann an tUasal Torode le Steve agus Dave Flynn, ar a dtugtar an Happy Pear.
Múineann na soiscéalaithe vegan (vegan evangelists) ó na Clocha Liatha (Greystones), Co. Chill Mhantáin dó conas ceapaire ‘stéig cáis (cheese steak)’ a dhéanamh.
Tosaíonn an chéad chlár i mBaile Átha Cliath, i dteach tábhairne Gravediggers in aice le Reilig Ghlas Naíon (Glasnevin).
Tar éis coddle bagúin, ispíní agus prátaí agus pionta ‘porter’, déanann sé iniúchadh ar bhia an Bhaile Átha Cliath nua, agus daoine ag teacht isteach ó gach cearn den domhan.
Téann an tUasal Torode go Corcaigh freisin, ag bualadh le Darina Allen, agus i gCionn tSáile (Kinsale), tugann an t-úinéir bialainne áitiúil Martin Shanahan ar thuras bia é, agus déanann siad an t-anraith iasc is fear ó iasc úra.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.