Tá Stephen Kenny ag tabhairt tacaíochta do Evan Ferguson in aghaidh na Gréige anocht – mar sin an é an tosaí is fear d’Éirinn?
Agus é 18 mbliana d’aois, tá Ferguson le tosú ar a chéad chluiche iomaíoch as baile, agus Kenny ag admháil gur tháinig an tosaí le Brighton ‘chun cinn níos tapúla ná mar a d’fhéadfadh muid a bheith ag súil leis’.
Ach níl bainisteoir na hÉireann cailte i Ferguson-mania agus deir sé nach bhfuil sé faoi bhrú é a chur ar an fhoireann.
Fós tá Éire ag lorg ‘bua as baile stairiúil’.
‘I láthair na huaire, agus an fhoirm atá againn le déanaí, tá Evan san fhoireann ar bhonn tuillteanais. Tá sé chun cinn go cinnte,’ a dúirt Kenny.
‘Ní féidir ach go bhfuil muinín aige tar éis dó cúl a scóráil ina chéad chluiche. Is imreoir iontach é dúinn.
‘T0á lúcháir orm é a bheith san fhoireann. Ní bheadh fonn ort an iomarca a chur ar a ghualainn, mar tá cúigear tosaí óg againn sa scuad.
‘Tá cumas iontach aige agus ba bhreá linn é sin a fheiceáil ag teacht chun cinn i rith na seachtaine seo chugainn.’
Cé nach bhfuil ach ceithre bhua iomaíoch aige mar bhainisteoir, tá Kenny cinnte go bhfuil sé ar an mbóthar ceart agus Éire ag feabhsú.
‘Sílim go bhfuil an fhoireann ag éirí níos fearr agus bhí sé sin le feiceáil san fheidhmíocht láidir sa chluiche roimhe seo in aghaidh na Fraince.
‘Ach is cluiche difriúil ar fad é seo agus tá cur chuige difriúil ag teastáil dó.
‘Tá an Ghréig i réim mhaith, is foireann a úsáideann seilbh (possession) go minic chomh maith, tá siad fairsing (expansive).
‘Léirigh muid an cumas a bheith mar sin freisin i go leor cluichí, sin ceann dár láidreachtaí freisin. Cluiche suimiúil a bheidh ann.’
Cuirfidh cosantóir na Gréige George Baldock a chairdeas le comhghleacaí fhoireann Sheffield United, John Egan, ar leataobh agus é ag cur na tíre ar dtús ar a chlub.
Fuair Ferguson trí chúl d’Éirinn cheana féin.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.