Sheinn tiománaí traenach a bonnán (horn) ‘ar feadh tréimhse fada’ chun foláireamh (warning) a thabhairt do bheirt bhan go raibh an traen ag teacht, roimh timpiste marfach.
Tá bean a bhí ina 40idí, Jessica McLoughlin, marbh agus tá a neacht, Rebecca McLoughlin, in aois a 20idí, san ospidéal, áit atá sí ag troid ar feadh a saoil.
Is as an Chrann Mór (Cranmore) do na mná, timpeall 5km ó Bhéal Átha Easa (Ballysadare). Tá daoine sa cheantar brónach faoin tragóid a tharla Dé Céadaoin.
Chuir foinse a bhfuil aithne acu ar na mná síos ar an eachtra mar thimpiste.
‘Bhí siad ag siúl ar na ráillí agus tuigim gur sheinn an tiománaí a bonnán ar feadh tréimhse fada,’ a dúirt an fhoinse.
‘Ní raibh siad ar an eolas nó ní raibh siad in ann éirí as na ráillí in am, ach is dóigh liom go ndearnadh iarrachtaí é sin a dhéanamh ag an nóiméad deireanach,’ a dúirt an fhoinse.
Dheimhnigh urlabhraí d’Iarnród Éireann don Irish Daily Mail aréir go bhfuil faoiseamh tugtha don tiománaí as a gcuid dualgas ar feadh tréimhse truacánta (compassionate) i bhfianaise tráma na heachtra agus gur tairgeadh comhairleoireacht (counselling) dó.
Tharla an eachtra ar an líne traenach i bPáirc Knox, Baile Easa Dara (Ballisodare), thart ar 4pm ar Dé Céadaoin.
Tuigtear go raibh na mná ag siúl gar don líne traenach nuair a tháinig an traein – an 3.05pm – ó Shligeach go Baile Átha Cliath isteach. Fógraíodh go raibh an bhean marbh ag an láthair.
Bhí an traein ar an mbealach go dtí Stáisiún Uí Chonghaile i mBaile Átha Cliath, le timpeall 100 paisinéir ar bord, nuair a tharla an eachtra.
D’fhág na paisinéirí an traein agus aistríodh iad ar bhus go stáisiún traenach Mainistir na Búille (Boyle) chun leanúint lena dturas ar aghaidh.
D'fhan an traein ag an láthair agus eagraíodh scrúdú teicniúil iomlán ar an timpiste. Chuaigh imscrúdaitheoirí imbhuailte fóiréinseacha (forensic collision investigators) chuig an láthair.
Tá an timpiste faoi réir imscrúdaithe ar leith freisin ag an Aonad um Imscrúdú Tionóiscí Iarnróid (Railway Accident Investigation Unit)
Tá sé de chúram ar an Aonad scrúdú a dhéanamh ar na heachtraí a bhaineann le haon bhás nó gortuithe tromchúiseacha ar an ngréasán iarnróid, d'fhonn moltaí a dhéanamh chun teagmhais chomhchosúla a sheachaint amach anseo.
Dúirt Iarnrod Éireann go raibh aistrithe bus i bhfeidhm do phaisinéirí ag taisteal idir Mainistir na Búille agus Sligeach.
Ag labhairt dó le Nuacht RTÉ, dúirt comhairleoir Shinn Féin do Shligigh-Droim Chliabh Thomas Healy: ‘Bhí an bóthar dúnta ag na gardaí i mBaile Easa Dara, mar sin tuigim go raibh tragóid ar an líne.
‘Tá mo smaointe leis na teaghlaigh agus le tiománaí na traenach.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.