Tá fear ina 50idí fós á cheistiú ag gardaí tar éis do chorp mná a fháil i dteach i Ráth Eanaigh (Raheny) i mBaile Átha Cliath.
Fuarthas an bhean, atá ainmnithe go háitiúil mar Anna Mooney, 46, sáithe chun báis i gcistin a tí ag an teach ar Bhóthar Chill Bharróg (Kilbarrack Road) go moch ar maidin inniu.
Bhí cailín sna déaga agus buachaill óg sa teach leathscoite dhá stór ag an am. Anois tá siad faoi chúram gaolta an teaghlaigh.
D'fhógair na seirbhísí éigeandála Ms Mooney marbh ag an láthair.
Tuigtear go raibh aithne aici ar a hionsaitheoir líomhnaithe.
Creideann bleachtairí gur maraíodh an bhean i ndiaidh choimhlint foréigneach sa teach tar éis meán oíche.
Gabhadh an fear, a bhí ag an láthair, ar amhras faoi mharú agus tugadh go stáisiún garda sa cheantar é.
Glaodh ar Ghardaí agus ar na seirbhísí éigeandála go dtí an teach díreach tar éis 1am agus fuarthas corp na mná sa chistin.
Bhí an láthair caomhnaithe le haghaidh scrúdú fóiréinseach agus bhí Oifig an Phaiteolaí Stáit (State Pathologist’s Office) ag an áit.
Tá imscrúdú maraithe oscailte ag Gardaí agus tá seomra teagmhais curtha ar bun.
Tá oifigeach sinsearach imscrúdaithe agus oifigeach idirchaidrimh (family liaison officer) teaghlaigh ceaptha sa chás.
Ní raibh comhartha ar bith gur briseadh isteach sa teach agus níl gardaí ag lorg aon duine eile maidir leis an ionsaí.
Dúirt bean áitiúil nach raibh ag iarraidh go n-ainmeofaí í: ‘Tá mé croíbhriste don teaghlach ar fad. Is cosúil nach bhfuil duine sábháilte ina theach féin a thuilleadh.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.