Tá Christy Dignam imithe ar shlí na fírinne tar éis a throid le hailse.
Diagnóisíodh an t-amhránaí as Aslan, a bhí 63 bliain d’aois, le amyloidosis, ailse fola annamh, in 2013.
Glacadh go hOspidéal Beaumont é i mí Iúil 2022 agus chaith sé sé mhí faoi chúram na foirne haemaiteolaíochta agus cúraim chairdiach ansin.
Bhí imní faoi shláinte Christy i mí Mheán Fómhair seo caite nuair a b’éigean don bhanna ó Bhaile Átha Cliath a gceolchoirm 3Arena, a bhí le 40 bliain a chomóradh, a chur siar.
Thug sé an a agallamh deireanach le Ryan Tubridy.
Agus cúram maolaitheach (palliative care) á fháil aige ón mbaile ó mhí Eanáir, sheol a iníon Kiera an nuacht brónach faoi bhás Christy.
I ráiteas brónach, scríobh Kiera: ‘Thar ceann mo mhuintire, is le croí briste a chuirimid scéal bás m’athar, Christy Dignam, in iúl.
‘Fuair Daid bás go síochánta agus bhí sé san áit a raibh sé ag iarraidh a bheith, sa bhaile, inniu at 4pm Dé Máirt, 13 Meitheamh 2023, tar éis cath cróga fada, agus bhí a chlann timpeallaithe aige.
‘Iarraimid ar dhaoine ómós a thabhairt do riachtanas ár dteaghlach i dtaobh phríobháideachas le linn na tréimhse uafásach pianmhar seo.
Bígí linn agus muid a choinneáil inár gcroíthe é agus muid ag ceiliúradh saol iontach amhránaí cumasach, sárscéalaí agus duine iontach.
‘Táimid an-bhuíoch as an ngrá agus an tacaíocht a léirigh sibh.
‘Kathryn, Kiera, Darren, Cian, Ava, Jake agus ár muintir sínte x’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.