Tá iar-phríomh-aire na hIodáile Silvio Berlusconi tar éis bháis a fháil in aois a 86. Le sin tá eagla go ndéanfaidh a bhás polaitíocht na hIodáile a dhíchobhsú (destabilise)
Chruthaigh an fear gnó a bhí in a billiúnaí an chuideachta meáin is mó san Iodáil sular athraigh sé an tírdhreach polaitiúil (political landscape).
Bhí leoicéime (leukemia) aige le tamall anuas agus bhí ionfhabhtú scamhóige (lung infection) air le déanaí.
Tá páirtí Berlusconi Forza Italia mar chuid de chomhrialtas na heite deise den phríomh-aire Giorgia Meloni.
Cé nach raibh ról ag Berlusconi féin sa rialtas, is dócha go ndéanfaidh a bhás polaitíocht na hIodáile a dhíchobhsú (destabilise) sna míonna amach romhainn.
Cuireadh san ospidéal Berlusconi i Milano ar 5 Aibreán agus ionfhabhtú scamhóige air, a dúirt an Dr Alberto Zangrillo, a dhochtúir pearsanta.
D’fhulaing sé freisin thar na blianta ó ails croí, ailse (cancer) phróstataigh agus cuireadh san ospidéal é le haghaidh Covid-19 in 2020.
Bhí sé mar chróinéir long cúrsála (cruise ship crooner) uair amháin, ach bhain Berlusconi úsáid as a líonraí teilifíse agus as a shaibhreas ollmhór chun a ghairm bheatha pholaitiúil fhada a sheoladh, rud a spreag dílseacht agus an ghráin.
Do lucht leanta Berlusconi ba státaire cumasach agus fuinniúil é, agus é ag iarraidh an Iodáil a ardú ar stáitse an domhain.
Do a lucht cáinte, ba duine é a bhagair an mhaiteas a bhaint den daonlathas trí chumhacht pholaitiúil a chaitheamh mar uirlis chun é féin agus a ghnóthaí a shaibhriú.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.