Tá ómós tugtha ag Bertie Ahern agus go leor eile do Ken Whelan, iriseoir polaitíochta mór le rá, atá imithe ar shlí na fírinne, tar éis breoiteachta gairid.
Bhí Ken, a d’oibrigh le fada an lá don Irish Press agus don Evening Press, ina ghníomhaí diongbháilte freisin do Cheardchumann Náisiúnta na nIriseoirí (the National Union of Journalists, NUJ).
Bhí an-ghean ag a chomhghleacaithe air as a pearsantacht breá bríomhar, a scileanna tuairisceoireachta agus freisin as an binb ina chuid grinn.
Dúirt an tIar-Thaoiseach, an tUasal Ahern le ExgraG.ie: ‘Is cuimhin liom go maith Ken óna laethanta tosaigh san Irish Press agus san Evening Press.
‘Ba ghnách leis go leor nuacht na cathrach a chlúdach ag an am, sular chlúdaigh sé an pholaitíocht.
‘Is cuimhin liom é nuair a bhí sé ina athair ar an séipéal (father of the chapel) san Irish Press agus mé i mo Aire Saothair (Minister for Labour. Throid sé go crua chun an Press a shábháil.
D’éirigh linn é a shábháil ansin. Ach níor sábháladh an dara huair é.
‘Oibrí crua a bhí ann mar athair an tséipéil, agus bhí sé paiseanta chun na poist a choinneáil agus bhí sé an-bhródúil as stair iriseoireacht an Press.
‘Oibrí crua a bhí ann mar athair an tséipéil, agus bhí sé paiseanta chun na poist a choinneáil agus bhí sé an-bhródúil as stair iriseoireacht an Press’
Former Taoiseach Bertie Ahern
‘Ba mhaith liom mo chomhbhrón a chur in iúl dá pháirtí Kathleen agus a chlann, Ar dheis Dé go raibh an hanam dílis.’
Cé go raibh baint ag Ken le go leor réimsí iriseoireachta, le linn a ghairm bheatha fhada, is fearr aithne air as a chuid tuairisceoireachta polaitíochta.
Dúirt iar-phríomheagarthóir nuachta RTÉ, Ray Burke, a bhí ina Eagarthóir Nuachta ag Ken ar feadh cuid mhór dá chuid ama agus é ag obair leis an Irish Press: ‘Bhí Ken ina thuairisceoir ríthábhachtach don Irish Press agus don Evening Press. Bhí láithreacht láidir aige sa seomra nuachta agus san NUJ araon.
‘Bhí sé ar dhuine de na soláthraithe is fearr faisnéise polaitíochta agus scéalta polaitíochta don Press Group.’
Bhí Ken ina cheannaire (Father of the Chapel) ar chraobh an Irish Press den NUJ ar feadh tamaill agus bhí sé ina rúnaí freisin ar Chraobh Nuachtán Bhaile Átha Cliath den cheardchumann. Rinne sé ionadaíocht freisin ar chomhaltaí Phoblacht na hÉireann ar an NEC ó 1992 go 1994.
Dúirt Rúnaí Éireannach an NUJ Séamus Dooley: ‘Bhí Ken ina iriseoir díograiseach mealltach, ina bheathaisnéisí polaitíochta, ina iarchomhairleoir polaitíochta agus ina saineolaí stuama ar chúrsaí reatha.
‘Bhí Ken ar dhuine de na soláthraithe is fearr faisnéise polaitíochta agus scéalta polaitíochta don Press Group.’
Iar-phríomheagarthóir nuachta RTÉ, Ray Burke
‘D’ainneoin cliseadh a shláinte chothaigh sé suim mhór san NUJ agus é ar scor agus bhí sé bródúil as stair an Irish Press.
‘Ba chúis bhróin dó dúnadh an Press.
‘Dhéanfinn athluaigh ar dhearcadh ár iar-uachtarán Barry McCall, a mhol go minic ceannaireacht Ken agus é ag déileáil le bainistíocht a raibh an chuma orthu go raibh níos lú aithne nó cúram acu faoi chinniúint an Press, ná mar a bhí ag oifigigh an “chapel”.’
Dúirt sé freisin: ‘Ba fhear é Ken le tuairimí agus prionsabail láidre. Cuimhneofar air freisin as a ghreann agus a chumas mar scéalaí.’
Thosaigh Ken a ghairm bheatha san iriseoireacht ag an Drogheda Independent sula ndeachaigh sé isteach go dtí an Irish Press Group.
Nuair a dhún an Preas d’oibrigh sé le Ireland on Sunday. Ag an am sin chomh-scríobh sé beathaisnéis Bertie Ahern, le Eugene Masterson atá ag obair leis an Sunday World.
Scríobh sé níos déanaí don Farming Independent agus don Farmers Journal.
‘Ba fhear é Ken le tuairimí agus prionsabail láidre. Cuimhneofar air freisin as a ghreann agus a chumas mar scéalaí’
Rúnaí Éireannach an NUJ Séamus Dooley
Fuair Ken, a bhí ina chónaí in Achadh an Iúir (Virginia), Co an Chabháin (Cavan) lena pháirtí Kathleen, bás go síochánta Dé hAoine, in Ospidéal an Mater, i mBaile Átha Cliath, timpeallaithe ag a theaghlach grámhar.
Fuair a mhac Donnacha agus a thuismitheoirí Jack agus Kay bás roimhe.
Dúirt a chlann, san Fhógra Báis: ‘Is mór an chailliúint Ken, ar a pháirtí Kathleen, a dheartháir Ian, a dheirfiúracha Diane agus Linda, a dheartháir céile, Michael, máthair Donnacha Orla, Sue, neachtanna, nianna, neachtanna agus nianna gar, an teaghlach sínte Smith, a chol ceathracha, comharsana agus go leor cairde.'
Ghabh a theaghlach buíochas ar leith leo siúd san ‘High Dependency Unit’ in ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath, ‘a thug aire mhaith do Ken ina laethanta deiridh’.
Aistreofar a chorp ó bhaile ar an Domhnach. Beidh Aifreann na Marbh ar siúl ag 3in, ag Séipéal Mhuire gan Smál, Achadh an Iúir (Virginia), Co. an Chabháin (Cavan), agus deasghnáth créamtha (cremation) ina dhiaidh sin i gCréamatóiriam Lakelands.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.