Tá an Tánaiste buartha faoi airgead sa spórt tar éis comhaontú LIV Golf

Tá sé ráite ag Micheál Martin go bhfuil ‘imní’ air faoi airgead sa spórt tar éis an comhaontú gailf idir an PGA Tour agus LIV Golf, a chuir iontas ar shaol an spóirt.

Bhí an Tánaiste ag labhairt i ndiaidh an chomhaontaithe gnó a fuair tacaíocht ó rialtas na hAraibe Sádaí, ach a cáineadh mar shampla de ‘níochán spóirt (sportswashing)’.

  Íocann Ciste Infheistíochta Poiblí na hAraibe Sádaí (Public Investment Fund , PIF), as LIV Golf. Tá luach measta os cionn €580 billiún ag an PIF. Tá infheistíocht déanta aige freisin i sacar idirnáisiúnta.

Agus d’admhaigh Rory McIlroy go raibh ‘iontas’ air agus go raibh ‘mothúcháin mheasctha’ aige faoin gcomhaontú ach dúirt sé go mbeidh an chomhpháirtíocht ‘go maith do ghalf gairmiúil ar deireadh thiar’.

1 117
Rory McIlroy

Ba iad McIlroy agus Tiger Woods an lucht tacaíochta ba mhó a bhí ar son Turas PGA sa chath le LIV Golf, ach níor dúradh le ceachtar acu faoin bhforbairt.

Dúirt McIlroy: ‘Sílim i ndeireadh na dála nuair a dhéanaim iarracht mé féin a bhaint den chás, agus féachaint ar an bpictiúr mór agus mé ag breathnú 10 mbliana amach anseo, ceapaim ar deireadh thiar go mbeidh sé go maith don chluiche gailf proifisiúnta.’

Dúirt sé freisin, áfach: ‘Ní LIV é. Is fuath liom fós LIV. Tá súil agam go n-imeoidh sé agus bheinn ag súil go hiomlán leis sin.’

Dúirt an tUasal Martin: ‘Tá imní orainn faoi chearta an duine laistigh den Araib Shádach.’

Bhí an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha ar cuairt i mBéal Feirste tráthnóna Dé Céadaoin áit ar cuireadh ceist air faoi fhreagra an Rialtais ar an gcomhaontú gailf.

Maidir le ceist an chomhaontaithe, dúirt sé: ‘Sílim go ginearálta, gur ceist é do na bráithreachas gailf (golfing fraternity) agus d’eagraíochtaí gairmiúla, ach sílim gur cheart go mbeadh spóirt i gcoitinne, agus eagraíochtaí spóirt i gcoitinne ar an airdeall faoi na suimeanna ollmhóra cistí agus airgid atá ag dul isteach i spóirt ag an leibhéal seo.’

Dúirt an Tánaiste: ‘Sílim níos bunúsaí amach anseo maidir le hinbhuanaitheacht (sustainability) an spóirt, d’fhéadfadh sé a bheith i sacar an Premier League sa Ríocht Aontaithe, ach is gailf atá ann anois ar stáitse domhanda.

‘Tá na suimeanna an-mhór, agus chuirfinn ceist ar cé chomh inbhuanaithe agus atá sé sin don spórt amach anseo.

‘Mar an gcéanna le ‘oligarchs’ na Rúise freisin, ag baint úsáide as suimeanna neamhghnácha airgid chun clubanna peile a cheannach.’

Dúirt sé: ‘Tá imní orainn maidir leis an gcreatl (framework) um chearta an duine laistigh den Araib Shádach, ach chuireamar é sin in iúl tríd ár n-ambasadóirí agus ar bhonn rialtas go rialtas, ar bhonn leanúnach agus mar sin de, agus táimid ag trádáil leis an Araib Shádach, cé go bhfuil sé teoranta go leor.

‘Agus oibrímid i bhfóraim idirnáisiúnta, agus déanaimid ár ndícheall gach tír a choinneáil cuntasach i leith chearta an duine.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram