An bhfuil smacht ag na Saudis ar ghalf an domhain anois tar éis ‘sell-out’?

Glaodh feall (sell-out) agus níocháin spóirt (sportswashing) ar an gcomhaontú síochána i gailf idir na turais thraidisiúnta agus LIV, a fhaigheann tacaíocht ón Araib Shádach (Saudi Arabia).

Deir foinse gailf anois go bhfuil smacht faighte ag na an Araib Shádach ar an spórt, beagnach bliain tar éis a gcéad chomórtas i St Albans mí an Mheithimh seo caite.

Is cinnte go bhfuil cuma na cailliúnaithe ar leithéidí Rory McIlroy agus ar gach duine a chuir agóid i gcoinne LIV, fiú má tá siad chun níos mó airgid a dhéanamh faoi shocrú nua a fhágann go mbeidh cead cainte ag an Araib Shádach maidir le conas a reáchtáiltear an cluiche gairmiúil.

mcilroy disappointed
Rory McIlroy

Beidh daoine eile sásta go leor, daoine cosúil le buaiteoir trí huaire na hÉireann Pádraig Harrington, a dhiúltaigh an cheist mhorálta bliain ó shin, nuair a cuireadh ceisteanna faoi LIV agus níocháin spóirt.

Tá tweet déanta ag Harrington go raibh an nuacht is déanaí ‘go maith do chomhtháthú (cohesion) gailf domhanda’.

Dúirt sé go raibh ‘iontas air gur tharla an cumasc seo chomh gasta sin ach nach raibh ionadh air gur tharla sé’.

Dúirt sé: ‘Ar mhaithe le leas airgeadais an dá thaobh go cinnte. Cinnte ar mhaithe le leas airgeadais na n-imreoirí, cé go mbraitheann cuid acu go bhfuil siad ag cailleadh.’

Léireofar an cumasc mar bhua don níochán spóirt agus d’oscail sé freisin ceannairí na dturas traidisiúnta do líomhaintí fimíneacht  (hypocrisy).

Dúirt iar-Uachtarán na Stáit Aontaithe, Donald Trump, a d’óstáil imeachtaí LIV ag a chuid cúrsaí: ‘Dea-scéal ó LIV Golf. Margadh mór, álainn agus “glamorous” do shaol iontach an gailf.’

Tar éis bliain de throid agus de dhlíthíocht a scoilt an gailf ina dhá leath, bhí ionadh nuair a fógraíodh go raibh Turas PGA, DP World Tour agus LIV tar éis teacht le chéile in ‘chun gailf a aontú’.

Cé go bhfanfaidh siad mar trí chomórtas ar leith, d’aontaigh na páirtithe a gcuid oibríochtaí tráchtála a chur le chéile agus úsáid a bhaint as saibhreas ollmhór na hAraibe Sádaí i ré nua comhoibrithe.

Ach ar lá drámatúil, tuairiscíodh:

  • Ní raibh aon tuairim ag go leor de na gailfeoirí is fearr ar domhan go raibh an fógra ag teacht, rud a chuir fearg agus frustrachas orthu.
  • Níor cuireadh Príomhfheidhmeannach an LIV, Greg Norman, ar an eolas ach nóiméad sular foilsíodh an scaoileadh go poiblí, rud a chuir le hamhras go raibh sé imeallaithe (marginalised).
  • Táthar ag súil go n-infheisteoidh Ciste Infheistíochta Poiblí na hAraibe (Saudi Public Investment Fund), a bhfuil €2 billiún curtha isteach aige i LIV cheana féin, €1 billiún eile sa chomhoibriú nua.
  • Beidh galfairí LIV a cuireadh ar fionraí ar feadh tréimhse éiginnte ag an PGA agus DP World Tour in ann iarratas a dhéanamh arís ar bhallraíocht ó dheireadh an tséasúir seo.
  • Oibreoidh na turais chun fadhbanna sceidealaithe (scheduling) a sheachaint, agus an fhéidearthacht go mbeidh imeachtaí foirne trasthurais ann.
  • Tá gach cás dlí idir na páirtithe tite.

Mhéadaigh cainteanna idir Turas PGA, DP World Tour agus LIV go tapa le mí anuas, tréimhse inar bhuaigh ceann dá n-éadálacha, Brooks Koepka an US PGA Championship. Ba spreagadh ollmhór é an bua sin do LIV.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram