Tá sé ráite ag an TD is óige de chuid Fhianna Fáil James O’Connor go raibh cur síos air mar ‘Jekyll and Hyde’ ó cheannaire a pháirtí Micheál Martin ‘thar a bheith míchuí’.
Agus dúirt baill eile den pháirtí gur ‘low blow’ a bhí i gcuir síos an Tánaiste don Uasal O’Connor, atá 25 bliain d’aois.
Bhí Teachtaí Dála Fhianna Fáil i mbun argóinte oíche Dé Céadaoin ag cruinniú príobháideach de chuid páirtí parlaiminte.
Tuigtear go ndúirt an tUasal O’Connor le ceannaire a pháirtí nach raibh a dháilcheantar Corcaigh Thoir ag fáil a dhóthain tacaíochta, ainneoin líon ard teifeach (refugees) a ghlacadh isteach.
Dúirt sé leis an Uasal Martin freisin nár lean sé de na gealltanais a tugadh dó.
Dúirt foinsí ag an gcruinniú go ndúirt an tUasal Martin leis an Uasal O’Connor go raibh sé cosúil le ‘Jekyll and Hyde’.
Rinne foinsí gar don Uasal Martin iarracht a thabharfadh le tuiscint nár dhírigh sé na tuairimí chuig an Uasal O’Connor, ach bhí sé seo ag teacht salach ar na rudaí a dúirt daoine eile.
‘Chomh fada agus is eol dom, díríodh ar James é, níl aon amhras faoi sin,’ a dúirt foinse amháin ag an gcruinniú.
‘Sílim go raibh an bheirt acu san éagóir agus níor tháinig siad amach as go maith, ach ní déarfadh Micheál é sin do [Marc, iar-TD de chuid Fhianna Fáil a d’iompaigh Neamhspleách] MacSharry nó [TD do chuid Fianna Fáil do Cheatharlach-Cill Chainnigh John] McGuinness.'
Dúirt foinse eile: ‘Is cosúil go gceapann Micheál gur cheart go mbeadh daoine óga sa pháirtí le feiceáil in ionad éisteacht leo.’
Tuigtear go ndearna an tAire Airgeadais Michael McGrath idirghabháil le linn an méid a rinne an tUasal O’Connor, chun a rá leis ‘scíth a ligean’ agus a bheith ‘ómósach’.
Ag labhairt dó leis an Irish Daily Mail, dúirt an tUasal O’Connor go raibh ‘iallach air labhairt’ faoin achrann mar a cuireadh os comhair an phobail í.
‘Braithim go raibh trácht Jekyll and Hyde thar a bheith míchuí. Ní úsáidfinn focail mar sin do dhuine atá ag iarraidh a dhícheall a dhéanamh ar son a dáilcheantar.
‘Tá an-mheas agam ar Mhicheál Martin ach ní mór dó a thuiscint, nuair a iarraim ar Aire i mo dháilcheantar na fadhbanna atá romhainn a thaispeáint dóibh táim ag súil go ndéanfar gníomh ina leith.’
Dúirt an tUasal O’Connor go bhfuil an t-ionad cóiríochta (accommodation centre) is mó sa tír ag Eochaill in Oirthear Chorcaí do dhídeanaithe ón Úcráin, ach nach léiríonn tacaíochtaí an Stáit é sin.
Ag an gcruinniú d’ardaigh an tUasal O’Connor pobalbhreith an deireadh seachtaine sa Business Post a léirigh go gcreideann 75% de dhaoine go bhfuil líon na dteifeach sa tír ‘iomarca’ anois.
Ní hé seo an chéad uair raibh teannas idir an bheirt acu.
I mí Iúil 2021, thug an tUasal Martin, a bhí ina Thaoiseach ag an am, an tUasal O’Connor ar neamhní, as gan cuireadh a thabhairt dó chuig ócáid agus é ar cuairt ar a dháilcheantar.
Tharla sé sin laethanta tar éis don Uasal O’Connor brandáil Fhianna Fáil ‘toxic’ agus ‘hostile’ do dhaoine óga.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.