Seó spleodrach na féile Night and Day ag teacht ar TG4

29/05/2023

Tabharfaidh seó spleodrach nua TG4 lucht leanúna na féile taobh istigh d’fhéile Night and Day, ó imeacht na bliana seo caite – roimh fhéile na bliana seo i gCo Ros Comáin.

Is sraith ceoil cúig pháirt é Night and Day: Ó Dhubh go Dubh a scannánaíodh ag an gcéad fhéile Night and Day anuraidh.

Craolfar an seó ag 10.30pm Dé Domhnaigh, 18 Meitheamh, agus beidh sé ar fáil ar éileamh ar fud an domhain ar Seinnteoir TG4.

Ansin beidh an dara féile Night and Day ar siúl i bPáirc Foraoise Loch Cé, Mainistir na Búille, Co Ros Comáin (Lough Key Forest Park, Boyle, Co. Roscommon) ar 24 agus 25 Meitheamh, le béim ar thallann na hÉireann agus spraoi teaghlaigh.

Léirithe ag Red Shoe Productions, beidh an seó ceoil úrnua ar TG4 le léirithe ó Villagers, Mary Wallopers, Moxie, Orla Gartland agus go leor ealaíontóirí Éireannacha agus idirnáisiúnta eile.

NIGHT day39 1

Reáchtáladh an chéad fhéile Night and Day i dTeach Chluain Mhalais (Cloonalis House) agus is iad Cruachan Productions a d’eagraigh é, ar 24 agus 25 Meán Fómhair an bliain seo caite.

Áiríodh leis an fhéile champála dhá lá na bliana seo caite aisteoirí ag léiriú ar stáitse na Banríona Medb agus Luna, mar go raibh téama cónocht an fhómhair (autumn equinox) ag baint leis.

Is iad na láithreoirí nua Kayte O’Malley agus Cian Ó Maonlaí a bheidh ina n-óstach ar chlár TG4.

Mac leis an gceoltóir iomráiteach Liam Ó Maonlaí, is ceoltóir cumasach ann féin, is é Cian, atá freisin ina phríomhamhránaí leis an mbanna Big Love, agus is craoltóir raidió a bhfuil neart duaiseanna buaite aici, Kayte O’Malley.

SCÉAL EILE: Ar fáil anois: Téipeanna de Maud Gonne ag caint faoina troid ar son na mbochtán in Éirinn

Cuireann Kayte, as Ciarraí, an seó ‘drivestime’ i láthair ar Galway Bay FM, agus bhog sí ansin ó chlár ceoil Éireannach ar iRadio.

Is é céimí IT Phort Láirge Cian Cusack a chuir an tsraith in eagar.

Night Day Sunday 90

Bhuaigh an comhlacht Red Shoe Productions, atá lonnaithe i bPort Láirge, Gradam an Royal Television Society Award for Voices of Ireland (Sky Arts) le Imelda May le déanaí.

Dúirt Stiúrthóir Red Shoes, Maggie Breathnach: ‘Tá lúcháir ar Red Shoe a bheith i gcomhpháirtíocht le Féile Night and Day. Is iontach an rud é clár a fheiceáil a chuimsíonn an oiread sin ealaíontóirí iontacha Éireannacha, go háirithe ealaíontóirí baineanna agus tá an-áthas orainn a bheith páirteach sa mheabhair.’

SCÉAL EILE:Before and after: Tá saol nua ag teachín de chuid Dáithí Ó Sé den 18ú hAois

Le haghaidh ticéid do Night and Day agus liostaí d’fhéile na bliana seo, féach ar www.nightandday.ie.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram