Tá réaltaí lena n-áirítear Mick Jagger agus Elton John i measc na gcéad daoine a thug ómós do Tina Turner tar éis di bás a fháil in aois a 83.
Scríobh Mick Jagger ar Instagram: ‘Tá mé chomh brónach faoi bhás mo chara iontach Tina Turner. Ba cheoltóir agus amhránaí thar a bheith cumasach í.
‘Bhí sí spreagúil, greannmhar agus flaithiúil. Chabhraigh sí an oiread sin liom nuair a bhí mé óg agus ní dhéanfaidh mé dearmad uirthi choíche.’
Dúirt Bryan Adams, a chan It’s Only Love le Tina: ‘Tá duine de na taibheoirí is fearr riamh caillte againn.’
Dúirt Elton John gur ‘total legend’ í ar thaifead agus ar stáitse, in ómós don amhránaí tar éis ‘an nuacht ba bhrónaí’.
Bhí Tina ar dhuine de na healaíontóirí taifeadta is cáiliúla riamh agus bhí aithne uirthi le hamhráin ar nós Nutbush City Limits, Proud Mary, What’s Love Got to Do with It agus Simply The Best.
SCÉAL EILE: Pitt stop: Réalta Banshees Kerry Condon le Brad i scannán mór faoi F1
Bhí sí mar amhránaí ar feadh 60 bliain. Anna Mae Bullock ab ainm di ar dtús agus rugadh í i Nutbush, Tennessee.
Bhuaigh sí ocht nGradam Grammy agus tá réalta aici ar an Hollywood Walk of Fame agus ar an St Louis Walk of Fame.
Rinneadh scannán da dírbheathaisnéis, I, Tina, i 1993, darfb ainm What's Love Got To Do With It. D’inis sé scéal Tina, máthair beirt leanaí a raibh caidreamh suaite aici lena fear céile brúidiúil Ike Turner.
Ainmníodh Angela Bassett le haghaidh Oscar dá léiriú mar Tina sa scannán.
Phós Tina a páirtí fadtréimhseach, an feidhmeannach ceoil Erwin Bach, ag searmanas sibhialta na hEilvéise in 2013 agus bhí cónaí uirthi san Eilvéis leis ó 1994 i leith.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.