Bás Tina Turner, banríon rock ‘n’ roll, ag aois 83

25/05/2023

Tá an t-amhránaí Tina Turner tar éis bás a fháil in aois 83 bliain tar éis tinnis fhada.

D’fhulaing sí drochshláinte le blianta beaga anuas agus diagnóisíodh le hailse stéigeach (intestinal cancer) in 2016. Bhí trasphlandú duáin (kidney) aici in 2017.

Ba mhinic a thugadh ‘the Queen of Rock ‘n’ Roll’ ar Tina.

tina turner

Bhí sí ar dhuine de na healaíontóirí taifeadta is cáiliúla riamh agus bhí aithne uirthi le hamhráin ar nós Nutbush City Limits, Proud Mary, What’s Love Got to Do with It agus Simply The Best.

Bhí sí mar amhránaí ar feadh 60 bliain. Anna Mae Bullock ab ainm di ar dtús agus rugadh í i Nutbush, Tennessee.

Bhuaigh sí ocht nGradam Grammy agus tá réalta aici ar an Hollywood Walk of Fame agus ar an St Louis Walk of Fame.

Rinneadh scannán da dírbheathaisnéis, I, Tina, i 1993, darfb ainm What’s Love Got To Do With It. D’inis sé scéal Tina, máthair beirt leanaí a raibh caidreamh suaite aici lena fear céile brúidiúil Ike Turner.

Ainmníodh Angela Bassett le haghaidh Oscar dá léiriú mar Tina sa scannán.

Phós Tina a páirtí fadtréimhseach, an feidhmeannach ceoil Erwin Bach, ag searmanas sibhialta na hEilvéise in 2013 agus bhí cónaí uirthi san Eilvéis leis ó 1994 i leith.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram