Fuarthas cailín ‘abducted’ beo agus sláintiúil tar éis sé bliana le cabhair ó Netflix

18/05/2023

Fuarthas cailín fuadach (abducted) sna Stáit Aontaithe beo agus sláintiúil tar éis di a bheith tógtha óna hathair beagnach sé bliana ó shin.

D’fhuadaigh Heather Unbehaun, máthair Kayla Unbehaun, an cailín ar 4 Iúil, 2017, nuair nach raibh sí ach naoi mbliana d’aois.

Bhí coimeád iomlán ag Ryan Unbehaun, athair Kayla, uirthi ag an am. Ghlaogh sé ar na póilíní nuair a chuaigh sé chun Kayla a phiocadh suas as teach Heather in South Elgin, Illinois.

Kayla Unbehaun 2 480x672 1
Kayla Unbehaun

Eisíodh roinnt teachtaireachtaí poiblí thar na blianta, a léirigh pictiúir de Kayla, lena n-áirítear grianghraif den chuma a d’fhéadfadh a bheith uirthi ag baint úsáide as teicnící aosaithe digiteacha (digital ageing techniques).

Bhí a fuadach le feiceáil freisin mar chuid den tsraith Unsolved Mysteries ar Netflix.

SCÉAL EILE: ‘Níl dóthain gardaí ann’
chun stop a chur le ‘violent racist attacks’

Chabhraigh an clár faisnéise le Kayla a aimsiú, toisc gur aithin siopadóir in Asheville, Carolina Thuaidh, Kayla agus Heather ag ionad siopadóireachta sular ghlaoigh sé ar na póilíní.

Gabhadh Heather ansin, agus tá sí á coinneáil ar bhanna $250,000 fad is atá sí ag fanacht ar eiseachadadh (extradition).

Tá Kayla, atá ina dhéagóir anois, curtha faoi choimeád cosanta.

Kayla mother Heather Unbehaun 1 480x672 1
Heather Unbehaun

Tá Heather cúisithe cheana féin as comhaireamh amháin d’fhuadach leanaí ag an Ard-Aighne Stáit i Kate County, ach níl sé deimhnithe an mbeidh cúisimh breise le sárú aici.

‘Tá sé neamhghnách ach is maith an rud é nuair a bhíonn amhras ar dhuine go n-aithníonn siad duine éigin, is cuma cén aois a d’fhéadfadh an scéal a bheith, nach mbíonn eagla orthu glaoch a chur orainn ionas gur féidir linn teacht agus fiosrú a dhéanamh,’ a dúirt Leifteanant Diana Loveland as Roinn na bPóilíní in Asheville le ABC News.

SCÉAL EILE: Máthair Éireannach bás tar
éis titim thar ‘cliff’ i Lanzarote ina bugaí

Dheimhnigh an National Centre for Missing and Exploited Childrenhttps://www.missingkids.org/ go bhfuarthas Kayla sábháilte.

Dúirt Ryan, athair Kayla: ‘Tá lúcháir orm go bhfuil Kayla slán sa bhaile.’

Dúirt sé freisin: ‘Iarraimid príobháideacht agus muid ag cur aithne ar a chéile arís.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram