Comóradh le haghaidh íospartaigh bhuamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin inniu

17/05/2023

Beidh ócáid chun comóradh 49 bliain ó bhuamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin (Dublin and Monaghan bombings) ar siúl inniu, Dé Céadaoin.

Tráthnóna an 17 Bealtaine 1974, maraíodh 34 duine lena n-áirítear leanbh sa bhroinn i sraith de bhuamáil ‘gan rabhadh’ a rinne paraimíleataigh dhílseacha (loyalist paramilitaries).

Tá ceisteanna fós ann, áfach, faoi cé a bhí taobh thiar de na buamálacha, le líomhaintí faoi chomhoibriú agus eolas ag fórsaí slándála na Breataine.

Caroline Conroy 2 480x672 1
Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Caroline Conroy

Ba é an bás ba mhó a tharla in aon lá amháin le linn na dTrioblóidí.

Gortaíodh beagnach 300 duine eile sna pléascanna.

Beidh searmanas leagan bláthfhleasc (wreath-laying) ar siúl ag cuimhneachán do na híospartaigh ar Shráid Thalbóid, Baile Átha Cliath ag meán lae.

SCÉAL EILE: Tá mé tuirseach
de bheith mar ‘public
property’, a deir Tubridy

Tabharfaidh an Tánaiste Micheál Martin, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath Caroline Conroy agus Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhuineacháin Seán Conlon óráidí tráthnóna inniu.

Is é an t-iriseoir Vincent Browne a thabharfaidh an óráid bhliantúil.

Tá an ócáid chomórtha eagraithe ag Justice for the Forgotten.

Ag labhairt dó roimh an gcuimhneachán, dúirt Margaret Urwin ó Justice for the Forgotten go raibh imní ar an grúpa faoin mBille ‘Legacy’ ag dul trí Westminster.

Dúirt sí go raibh súil aici má thagann an Bille ina dhlí, go dtabharfadh Rialtas na hÉireann dúshlán dó ag leibhéal na hEorpa.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram