Tá brú ar Prince Andrew na Breataine ón Rí Séarlas a theach mór ríoga a fhágáil. Anois tá faitíos ar an bprionsa náireach go bhféadfadh an teaghlach ríoga an leictreachas agus an t-uisce ina theach a mhúchadh le go n-imeoidh sé as an Royal Lodge.
Deirtear go bhfuil Andrew ag diúltú an teach, €34 milliún, i Windsor a fhágáil. Roinneann sé é lena iar-bhean chéile Sarah Ferguson
Tá coimhlint anois aige lena dheartháir, an Rí Séarlas. Deirtear anois go bhfuil an prionsa, 63, ag lorg cainteanna lena dheartháir.
Deirtear gur chuir Charles in iúl gur cheart do Andrew, ar cuireadh iallach air éirí as an saol ríoga mar gheall ar na líomhaintí gnéis ina choinne agus a chairdeas leis an milliúnaí pedophile Jeffrey Epstein, dul go dtí Frogmore Cottage.
Tuigtear go bhfuil Royal Lodge chun dul chuig William agus Kate agus a dtriúr leanaí.
Stop Andrew ag fáil airgid phoiblí nuair a d’éirigh sé as a dhualgas ríoga in 2019.
Dúirt cara leis: ‘Tá imní air anois go bhfuil an corónú thart. Tá imní air go bhféadfadh an teaghlach Ríoga na fóntais a mhúchadh chun é a chuir amach.'
SCÉAL EILE: Grá sa Swift lane! Tar
éis scaradh ó Joe, tá Taylor ag
séideadh póga ag Matty ... ón stáitse
Tuigtear go raibh sé ráite ag Pálás Buckingham ar dtús go gcaithfeadh Andrew agus Sarah an teach mór a fhágáil faoi Mheán Fómhair ach go bhfuil níos mó ama tugtha dóibh.
Tá eagla ar Andrew freisin go raibh an rí ag iarraidh é a ‘dhíshealbhú’ óna theach trí a dheontas bliantúil £249,000 (€280,000) a sheiceáil.
SCÉAL EILE: Pitt stop: Réalta
Banshees Kerry Condon le
Brad i scannán mór faoi F1
Tá sé ráite aige le cairde go mbraitheann sé go bhfuil sé á lua mar gurb é an t-aon ioncam bliantúil eile atá aige ná pinsean cabhlach (navy pension).
Tuigtear nach bhfágfaidh Charles a dheartháir gan dídean nó gan phingin ach tá sé ag iarraidh ar Andrew a chuid airgid féin a úsáid le haghaidh costais.
Dhiúltaigh Pálás Buckingham trácht a dhéanamh.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.