Roghnaíonn ‘Big Sam’ Robbie Keane chun Leeds a shábháil

06/05/2023

Tá ‘Big Sam’ Allardyce ag brath ar phearsantacht agus scileanna Robbie Keane chun an giúmar a ardú ag Leeds United.

Tá an club Premier League ag streachailt ag bun an tábla agus tá súil acu fanacht suas an séasúr seo.

Tar éis do roinnt bainisteoirí teip ar fheidhmíocht na n-imreoirí a fheabhsú tá iarrtha acu ar Sam Allardyce iad a shábháil.

Agus tá iarrtha ag ‘Big Sam’ ar laoch peile na hÉireann dul isteach ar a fhoireann traenála ag ceanncheathrú Leeds i Elland Road.

D’iompaigh Leeds ar iar-bhainisteoir Shasana Allardyce, 68, in iarracht a stádas sa Premier League a choinneáil tar éis dóibh Javi Gracia a chaitheamh amach le ceithre chluiche fágtha.

sam allardyce
Sam Allardyce

Agus tá a chreideamh curtha ag Big Samin iar-thosaí Leeds, Keane.

‘Tá aithne agam ar Robbie le tamall maith. Is iomaí uair a labhair muid faoi dul isteach sa chóitseáil. D’oibrigh mé leis ag Soccer Aid.

‘Thaitin a phearsantacht go mór liom,’ a dúirt Allardyce.

‘Bhí sé i m’intinn é a thabhairt isteach agus ardú céime a thabhairt do gach duine, ní hamháin I dtaobh a chuid traenála ach toisc go bhfuil sé ina fear do Leeds tríd is tríd, nach ea? Is breá leis an áit seo.’

Mhaígh Allardyce freisin go raibh sé féin ina bhainisteoir chomh maith le bainisteoirí barr an Premier League Pep Guardiola, Jurgen Klopp agus Mikel Arteta.

‘Seans go bhfuil mé 68 agus aosta, ach níl aon duine romham i dtéarmaí peile.

‘Ní Pep, ní Klopp, ní Arteta. Maidir le heolas agus doimhneacht an eolais, táim suas leo,’ arsa Allardyce.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram