Tá deireadh an tséasúir peile ag teacht agus tá cúpla seachtain ríthábhachtach le teacht do cheannairí as Éirinn trasna an uisce.
Beidh an chéad chúpla cluiche eile tábhachtach do na hÉireannaigh atá ag bainistiú clubanna sa Bhreatain.
D’fhéadfadh athruithe ollmhóra a bheith in ann do Jim Goodwin (Dundee United), Alan Maybury (Edinburgh FC)), Peter Murphy (Annan Athletic) agus Dean Brennan (Barnet) sula dtiocfaidh deireadh leis an séasúr.
Cé go bhféadfadh níos mó suime a bheith ag lucht leanúna na hÉireann i rathúlacht agus teipeanna Pep Guardiola (Manchester City), Mikel Arteta (Arsenal) agus Jugen Klopp (Liverpool), tá buanna iontacha á dtaispeáint ag daoine eile ón tír seo mar bhainisteoirí, agus gan bhuiséid na réaltaí sa Premier League acu.
Tá Goodwin, arb as Port Láirge dó, ag troid go dian chun Dundee a choinneáil i Premiership na hAlban, seans go mbeidh na cinn eile ina bhfoirne ar lorg na ‘play-offs’ agus ardú céime.
Bhí ag éirí go maith le Goodwin in Aberdeen ach chuaigh rudaí go dona tar éis Chorn an Domhain agus tar éis dóibh cailleadh i gCorn na hAlban in aghaidh Darvel, club anaithnid neamh-sraith, bhí sé imithe ag deireadh mhí Eanáir.
Tugadh an post dó ag Dundee United ansin ach ní raibh ann ach go deireadh an tséasúir.
Caithfidh gur ghortaigh a chéad chluiche é mar chaill siad 3-1 in aghaidh Aberdeen.
Ach ina dhiaidh sin bhí dhá chluiche ar chomhscór acu, cailleadh 2-0 don tsárfhoireann Rangers agus ansin bhí trí bhua acu – in aghaidh Hibernian (2-1) Motherwell (2-1) agus Livingston (2-0).
Tá imreoir lár páirce na hÉireann Jamie McGrath ag scóráil arís dó i Premiership na hAlban agus Dundee sa 10ú háit as 12, ach an fhoireann as an triúr ag bun a bhfuiltear ag súil go bhfanfaidh siad suas.
Má choinníonn Goodwin ansin iad choinneodh sé an post an bhliain seo chugainn. Agus b’fhéidir fiú go luafar é arís don phost in Éirinn amach anseo.
Níl ach bliain críochnaithe ag an imreoir Baile Átha Cliath Maybury in Edinburgh, ach tá seans acu ardú céime go dtí an Chraobh.
Cé nach bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh siad é an uair seo, tá Maybury tar éis dul i bhfeidhm ar an lucht leanúna. An séasúr seo caite thug sé ardú céime dóibh go Sraith a hAon.
Thosaigh Murphy mar imreoir-bhainisteoir ag Annan Athletic in 2017 agus bhí sé i gceannas ar beagnach 250 cluiche don chlub páirtaimseartha go dtí seo. Níor imir siad riamh níos airde ná an ceathrú sraith de pheil na hAlban.
Ach d’fhéadfadh sé sin athrú sna seachtainí amach romhainn mar tá seans maith ag Annan sna cluichí eile, don dara séasúr as a chéile. Léiríonn sé seo cé chomh maith agus atá ag éirí le Murphy ar bhuiséad beag bídeach.
Tá ag éirí go maith le Barnet le Brennan as Baile Átha Cliath. Seo é an dara feachtas atá aige dóibh agus cabhrú sé leo maireachtáil sa tsraith an séasúr seo caite.
Thug Brennan Barnet chuig na babhtaí leathcheannais de Chorn an FA freisin, ag cailleadh ar phionóis in aghaidh Gateshead.
Ba mhaith le Brennan ardú céime a thabhairt dóibh ach chun é sin a dhéanamh bheadh ar Barnet trí chluiche chun cinn a bhuachan.
Mar sin bíonn lucht leanúna na hÉireann ag tacú le himreoirí idirnáisiúnta Liverpool agus Man U, ch coinnigh súil ar Goodwin, Maybury, Murphy agus Brennan, Éireannaigh ag coimeád a bhfoirne beo le scil agus paisean – agus saibhreas na gclubanna móra.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.