Tá guí dhearfach ag Dearbhla, máthair Paul Mescal, do chách agus í ag labhairt faoina cóireáil ailse (cancer treatment), óna teach tar éis tréimhse san ospidéal.
Agus í á postáil ar Instagram, dúirt Dearbhla Mescal go bhfuil sí ar ais i Maigh Nuad (Maynooth), Co. Chill Dara, tar éis di cóireáil a fháil in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath.
Diagnóisíodh máthair Phóil, 27, a ainmníodh le haghaidh Oscar, le cineál ailse smeara (bone marrow) ar a dtugtar miolalóma iolrach (multiple myeloma).
Dúirt sí roimhe seo go mbeadh sí ag dul ar chóireáil go gairid i ndiaidh shearmanas Oscar na míosa seo caite.
An tseachtain seo, áfach, tá sí ag roinnt físeán di féin ag baint suilt as an ghrian ina gairdín. Dúirt sí lena 5,000 leantóir Instragram: ‘Is é seo an téarnamh.
‘Is é an téarnamh ná a bheith ag éisteacht le do chorp, a bheith sáithithe sa vitimín D sin, ag mothú na gaoithe... Is é freisin, ag éirí tuirseach nuair a éiríonn tú tuirseach, agus ag ligean leis an tuirse.
‘Ach freisin, ag chur brú ort féin don tsiúlóid bheag sin, an beagán breise sin... agus scíth a ligean ansin… is maith an rud é.’
Ag roinnt pictiúir agus clipeanna ón mhí seo caite, scríobh Dearbhla: ‘Níl aon rud níos glórmhar agus níos iontach ná ár gcorp ag foghlaim conas beatha nua a leigheas agus a thabhairt dúinn féin!
LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO: ‘Tuarastail €70,000 ar fáil do múinteoirí thart lear
‘Tá mé beannaithe go fírinneach ar gach uile bhealach as an gcóireáil seo agus beidh mé ar feadh na coda eile de mo shaol.
‘Níl aon eagla orm, tá a fhios agam go bhfuil mo chorp féin ábalta, toilteanach agus go dteastaíonn uaidh maireachtáil chomh fada agus is féidir liom.
Lorgóidh mé mo shólás as gach áit a bhfeicim, a chloisim, a mhothaím iad.
‘Guím an saol is iontaí ar gach duine againn.’
Labhair Dearbhla, atá ina máthair de thriúr, go muiníneach faoina cath in aghaidh na hailse. Dúirt sí go bhfuil sí buíoch dóibh siúd a thug tacaíocht di.
LÉIGH NÍOS MÓ, CLIC ANSEO: ‘Troid don Teach Bán! Anti-vaxxer Kennedy ag dul in aghaidh Biden
Scríobh sí: ‘Níl aon deifir orm. Táim líonta le lúcháir, grásta agus grá agus, le bheith fíor macánta, táim ar aon dul leis an gcorp iontach seo agamsa agus gach a bhfuil déanta aici, tar éis an tsaoil, mhair sí tar éis obráid agus déanfaidh sí m’ailse a chomhrac gach lá anois.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.