Labhair réalta na Dubs Philly McMahon leis an Tionól Saoránach (Citizens’ Assembly) faoi bhás a dhearthár, tar éis andúil (addiction) fhada le hearóin (heroin).
D’inis sé conas a chaithfeadh a theaghlach le fadhbanna a dhearthár ar bhealach difriúil dá bhfeicfí a andúil mar fhadhb meabhairshláinte (mental health) in ionad mar fhadhb coireachta (crime).
Agus d’inis Philly mar a fhulaingíonn (suffer) an teaghlach leis an andúil freisin.
Tá iar-réalta CLG Bhaile Átha Cliath páirteach sa Tionól i ról comhairleach (adviser).
Dúirt Philly go bhfuair a dheartháir níos sine John bás in 2012 tar éis streachailt leis an andúil hearóin a chuaigh siar breis is deich mbliana.
Bhí Philly mar chuid de phainéal, arna óstáil ag an iriseoir agus an t-údar Dearbhail McDonald.
Pléadh taithí daoine a raibh orthu déileáil le tionchar na ndrugaí ina saol ar an gcéad lá de Thionól na Saoránach ar Úsáid Drugaí san Óstán Grand i Mullach Íde (Malahide) ag an deireadh seachtaine.
Dúirt Philly leis na toscairí (delegates) nach bhfuair a theaghlach amach go raibh an nasc idir andúil thromchúiseach a dhearthár agus a chuid fadhbanna meabhairshláinte, ach blianta fada i ndiaidh tosú na fadhbanna sin.
‘Ní go dtí go raibh John ina 20idí déanacha, a fuaireamar amach go raibh scitsifréine (schizophrenia) air,’ a dúirt Philly, de réir tuairisce san Irish Times.
‘Mar sin, le fada an lá, bunaithe ar ár n-oideachas mar theaghlach – agus ar an dearcadh sóisialta níos leithne go raibh sé corraitheach drugaí a ghlacadh – cuireadh oideachas orainn a bheith náireach.’
Dúirt Philly: ‘Bhí an stiogma (stigmatisation) sin lánpháirteach san oideachas sin ar fad.’
Dúirt sé dá mbeadh a fhios ag a theaghlach nuair a bhí a dheartháir ina dhéagóir, cad a bhí ar eolas acu nuair a bhí sé ina 20í, bheadh a fhios acu conas caitheamh go héagsúil leis.
‘Is cinnte go bheadh muid ag breathnú air mar shaincheist mheabhairshláinte agus go bheadh muid ag féachaint ar na bun fadhbanna.’
Dúirt Philly, nuair a bhíonn duine ag streachailt leis an andúil, go bhfuil a dteaghlaigh ag streachailt freisin.
‘Nuair a bhíonn duine agat a bhfuil grá agat dó, agus atá ag streachailt leis an andúil, téann do theaghlach tríd an taobh andúile de, téann siad tríd an taobh téarnaimh (recovery) de agus is dócha gurb é an chuid is deacra ná an chuid “bereavement” de.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.