Cúpla focal i nGaeilge ón Uachtarán Joe Biden in óráid lán le greann, paisean agus féidearthachta

Agus é ag gabháil leithscéil mar gheall ar a bheagán eolais ar an nGaeilge, bhain Joe Biden triail as cúpla focal le linn a chuid cainte chuig seomra Dála lán, oíche Déardaoin.

‘Tá mé sa bhaile,’ a dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, inár dteanga dhúchais.

Bhí áthas an domhain ar an Uachtarán Biden don ócáid stairiúil os comhair an Oireachtais le go leor aíonna (guests).

D’inis sé scéalta grinn agus d’inis sé scéalta faoina mhuintir féin in óráid a bhí lán le paisean agus flaithiúlacht faoi Éirinn, agus an dlúthbhaint a bhí aici le Meiriceá.

Fuair an tUachtarán Biden moladh seasta agus é ag dul isteach i seomra na Dála, sular oscail sé a óráid ag rá: ‘Bhuel, Mom, dúirt tú go dtarlódh sé.’

Ghabh sé leithscéal ansin le Margo, iníon naíonán leis an Seanadóir de chuid an Lucht Oibre, Rebecca Moynihan, a bhí sa seomra.

NÍOS MÓ FAOI BIDEN CLIC ANSEO:
‘An áit a bhfuil do chroí is ann a thabharfas
do chosa thú’ … Luaigh Joe Biden seanfhocal Gaeilge
le léiriú cé chomh sásta agus a bhí sé a bheith in Éirinn

Dúirt sé nár cheart go mbeadh uirthi éisteacht leis ag tabhairt óráid pholasaí, agus go bhfuil sé ‘chomh dona leis an méid a bhí ar a pháistí féin a chloisteáil’.

‘A mhuintir na hÉireann, is Iontach an rud é a bheith ar ais in Éirinn,’ a dúirt an tUasal Biden. Is ansin a dúirt sé, i nGaeilge, ‘Tá mé sa bhaile.’

Agus dúirt sé leis: ‘Ba mhian liom go bhfanfainn níos faide.’

Is é Biden an ceathrú uachtarán SAM chun óráid  a thabhairt don Oireachtas tar éis Bill Clinton, Ronald Reagan agus John F Kennedy.

Thaispeáin sé freisin nach raibh sé buartha faoin botún a rinne sé in óráid an lá roimhe, nuair a mheasc sé foireann rugbaí na All Blacks leis na Black and Tans.

Joe Biden
‘A mhuintir na hÉireann, is Iontach an rud é a bheith ar ais in Éirinn,’ a dúirt an tUasal Biden. Is ansin a dúirt sé, i nGaeilge, ‘Tá mé sa bhaile.’

Dúirt sé go bhfuil liathróid rugbaí aige san Oval Office sínithe ag foireann na hÉireann ón gcluiche inar bhuaigh siad in aghaidh na All Blacks.

Scairt sé ‘All Blacks’ os ard agus bhuail sé an t-aer le gáire ar a aghaidh. Agus tugadh bualadh bos mór dó.

Mhol an tUasal Biden Éire as a bheith ag obair chomh dian sin ar son na síochána, ní hamháin sa Tuaisceart ach sna Náisiúin Aontaithe agus san Aontas Eorpach freisin.

NÍOS MÓ FAOI BIDEN CLIC ANSEO:
Awkward moment: Nuair a labhair Joe
Biden faoi na ‘Black and Tans’

Ag tagairt do John F Kennedy a dúirt go raibh polasaí neodrach ag Éirinn ach nach raibh sí neodrach riamh maidir le tíorántacht agus deachtóireacht (tyranny and dictatorship), mhol an tUachtarán Biden an tacaíocht dhaonnúil (humanitarian) a thug Éire do mhuintir na hÚcráine.

Dúirt sé go bhfuil ‘an tsíocháin luachmhar’ mar a mhol sé gur cheart don Ríocht Aontaithe a bheith ag obair níos dlúithe le hÉirinn chun tacú le síocháin sa Tuaisceart.

‘Tá an tsíocháin luachmhar. Tá a seaimpíní fós ag teastáil uaidh. Ní mór é a chothú fós,’ a dúirt an tUasal Biden

Bhí tionchar suntasach dearfach ag Comhaontú Aoine an Chéasta (Good Friday Agreement) ar fud Phoblacht na hÉireann chomh maith’, a dúirt sé.

Biden 2 phone 768x448 1
Mhol an tUasal Biden Éire as a bheith ag obair chomh dian sin ar son na síochána, ní hamháin sa Tuaisceart ach sna Náisiúin Aontaithe agus san Aontas Eorpach freisin

Ag machnamh ar an bplé leis an Taoiseach Leo Varadkar, labhair sé ar ‘conas is féidir le hÉirinn agus leis na Stáit Aontaithe oibriú le chéile leis an Ríocht Aontaithe agus leis an Aontas Eorpach chun tacú le muintir Thuaisceart Éireann’.

‘Sílim gur cheart don Ríocht Aontaithe a bheith ag obair níos dlúithe le hÉirinn san iarracht seo. Ní ceart go mbeadh seans ag foréigean polaitiúil greim a fháil ar an oileán seo arís.’

Fuair a chuid tuairimí bualadh bos mór.

NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Inseoidh scannán Sheridan scéal faoi throid
na ‘Native Americans’ le bheith ina ‘dhaoine’

Dúirt sé freisin go bhféadfaí Éire agus na Stáit Aontaithe araon a shainmhíniú le focal amháin, ‘féidearthachtaí’ (possibilities).

Agus é ag teacht chun críche a chuid cainte b’fhéidir go bhfreagróidh sé an cheist faoi a thodhchaí.

Dúirt sé, ‘Tá mé i ndeireadh mo shlí bheatha.’ Agus labhair sé faoin dul in aois.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram