Tá ardú pá á lorg ag múinteoirí chun déileáil leis an gcostas maireachtála ard agus cabhrú le tuilleadh múinteoirí a earcú.
Tá 1,200 folúntas (vacancies) múinteoirí in aghaidh an lae inár scoileanna mar go bhfuil go leor ag dul as an teagasc mar gheall ar chostas lóistín agus boilsciú (inflation).
Dúirt John Boyle, ó Chumann Múinteoirí Éireann (Irish National Teachers’ Organisation, INTO), go bhfuil gá le hardú pá ‘suntasach’, suas le 15%, chun cur i gcoinne na géarchéime tithíochta agus costais mhaireachtála atá ag ardú.
Mar sin féin, chosnódh ardú pá breise do mhúinteoirí €280 milliún sa bhreis ar an Stát
Deir foinsí nach mbeidh an tAire Norma Foley i mbun a thuilleadh cainteanna pá mar go mairfidh an comhaontú reatha go dtí deireadh na bliana agus go bhfuil bearta costais mhaireachtála ag teacht sa chéad bhuiséad eile.
Dúirt Ms Foley go gcaithfidh an Rialtas ‘dul i dteagmháil le pá na seirbhíse poiblí ar bhealach cothrom atá réasúnta agus cothrom do sheirbhísigh phoiblí agus don cháiníocóir (taxpayer) araon’.
Dúirt foinse de chuid na Roinne Oideachais aréir: ‘Tá ceist na n-arduithe pá san earnáil phoiblí as ár lámha agus is ceist don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (Department of Public Enterprise and Reform) é.
‘Níl aon tionchar againn air.’
Dúirt Ms Foley le déanaí gurbh é an tuarastal (salary) tosaigh do mhúinteoir nua in 2012 ná €30,702 agus anois gurb é tuarastal tosaigh múinteora ná €40,635 don bhunscoil agus €42,015 don iar-bhunscoil.
Dúirt an tUasal Boyle go raibh pá na múinteoirí tite ‘i bhfad taobh thiar’ de bhoilsciú, agus nach bhfuil sé d’acmhainn acu maireachtáil in aice le scoileanna, ná na costais taistil a íoc, rud a d’fhág go raibh 1,200 folúntas múinteoirí in aghaidh an lae i mbunscoileanna na hÉireann.
Nuair a fiafraíodh de cé mhéad níos mó airgid a bhí ag teastáil ó na múinteoirí, dúirt sé le RTÉ: ‘Níl mé chun é a chaibidliú thar na haerthonnta ach caithfidh sé a bheith suntasach go leor, mar gheall ar na caillteanais a bhí orainn agus go bhfuiltear ag tuar go mbeidh boilsciú ard fós thar na blianta atá le teacht.’
Dúirt sé go bhfuil boilsciú ag rith ag 15% anois agus nach raibh ardú pá ag aon sheirbhíseach poiblí nó múinteoir chun deileáil le sin le trí bliana anuas.
Dúirt sé go bhfuair múinteoirí áirithe ardú 8.5% agus go bhfuair múinteoirí óga 10% i gcomhaontuithe pá na hearnála poiblí ach go raibh gá le ‘ardú pá réasúnta’ eile.
Tá boilsciú in Éirinn socraithe ag thart ar 7% go 8%. Mar sin féin, tá ardú beagnach 17% tagtha ar phraghsanna grósaeireachta le bliain anuas, agus boilsciú in ollmhargaí na hÉireann anois ag an leibhéal is airde a thaifead, de réir Kantar.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.