Tá imní ar na Gardaí atá ag fiosrú bás an bheirt déagóirí óga i dtimpiste cairr i nGaillimh go bhféadfadh ról a bheith ag dúshlán ar na meáin shóisialta (social media challenge) sa tragóid.
Dúirt foinse nach bhfuil na Gardaí ag iarraidh an milleán a chur ar éinne, ach go bhfuil siad ag iarraidh a fháil amach cad a tharla.
Fuair Lucas Joyce agus Kirsty Bohan, an bheirt acu 14 bliana d’aois, bás in imbhualadh (collision) feithicle amháin go gairid roimh 6am Dé Luain.
Bhí beirt eile san fheithicil ag an am.
Creidtear gurbh é buachaill, 13 bliana d’aois, an tiománaí agus deirtear go bhfuil sé ag téarnamh go maith.
Mar sin féin, tá paisinéir baineann, 14 bliana d’aois, i riocht tromchúiseach fós.
Dúirt foinse slándála leis an Irish Daily Mail go bhféadfadh treocht (trend) ar líne a bheith mar fhachtóir sa timpiste.
Tá Gardaí ag fiosrú freisin conas a d’éirigh leis na leanaí rochtain a fháil ar an bhfeithicil.
Dúirt foinse slándála: ‘Tá na meáin shóisialta mar chuid den imscrúdú. Postáladh roinnt físeáin san am a chuaigh thart a léirigh go raibh na déagóirí gníomhach agus go raibh baint acu le dúshláin áirithe ar ardáin éagsúla, cosúil le go leor daoine dá n-aois.’
Dúirt an fhoinse: ‘Níl aon duine anseo atá ag iarraidh an milleán a chur ar éinne eile as an méid a tharla.
‘Ba ó theaghlaigh a raibh meas orthu Lucas agus Kirsty agus bhí a saol chun tosaigh orthu.
‘Ní theastaíonn uainn ach an fhírinne a fháil ar son na dteaghlach atá brónach as a gcailliúint.
‘Mar sin, caithfidh gardaí dul trí phróifílí meán sóisialta mar chuid den imscrúdú.’
Tá dúshláin chontúirteacha ar líne a chuireann tiomáint dainséarach chun cinn ina n-ábhar imní le blianta beaga anuas.
Níl aon léiriú, áfach, go raibh na déagóirí a bhain le tragóid Dé Luain, a tharla in aice le baile Áth Cinn (Headford), Co. na Gaillimhe, ag glacadh páirte i ngníomhaíocht áirithe ag an am.
Tar éis na timpiste, chuir scoil na n-íospartach, Coláiste na Toirbhirte, (Presentation College Headford), Áth Cinn, rabhadh chuig tuismitheoirí monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht meáin shóisialta a bpáistí.
Ba chairde agus scoláirí na dara bliana sa scoil iad an ceathrar. Spreag an príomhoide gníomhach (acting principal), Orla Jackson, tuismitheoirí chun dul i ngleic lena bpáistí faoin ábhar a fhéachann siad ar líne agus a bheith ‘thar a bheith cúramach faoin méid a phostálann siad’.
Dúirt sí go raibh Lucas agus Kirsty ‘beirt daoine óga álainn’, a bhí lán de spraoi.
Dúirt Ms Jackson le Nuacht RTÉ: ‘Is é seo an t-am le bheith slán sa bhaile le do theaghlach agus is dóigh liom go spreagfainn gach tuismitheoir b’fhéidir fóin a bpáistí a bhaint de faoi láthair.
‘Braithim go ndéanfadh sé an-dochar dá meabhairshláinte faoi láthair cuid de na tuairimí, cuid den tuairimíocht agus cuid de na bréaga atá ann a léamh.
‘Is cás thar a bheith pearsanta, tragóideach é seo agus ní dóigh liom gur le haghaidh aon tráchtaireacht ar na meáin shóisialta ar bith é.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.