Cluxton ‘in the mix’ do na Dubs don samhradh, a deir Farrell

Beidh Stephen Cluxton mar chuid de pleananna do Bhaile Átha Cliath don samhradh agus tá léargas tugtha ag Dessie Farrell faoi sin.

Níl bainisteoir peile Bhaile Átha Cliath ag cur as an áireamh filleadh ar aicsean don laoch cúl báire atá 41 bliain d’aois.

Chuir Cluxton ionadh ar shaol CLG nuair a tháinig sé chun cinn mar ionadaí do chluiche sraithe Bhaile Átha Cliath in aghaidh Lú coicís ó shin.

Agus bhí sé le feiceáil arís mar ionadaí nuair a bhuaigh na Dubs ar Dhoire i gcluiche ceannais Roinn 2.

NÍOS MÓ SPORT CLIC ANSEO:
Sraith peile: Tá na Jacks ‘back’… ach tá Gaillimh fós le teacht

Chuir sé sin le tuairimíocht go bhfuil Cluxton mar chuid de phleananna an bhainisteora don samhradh.

Mhínigh Farrell ar dtús gur glaodh Cluxton isteach mar gheall ar ghéarchéim gortaithe i measc cúl báire na scuad.

Stephen Cluxton
Stephen Cluxton

Mar sin féin, tugann a chuid tuairimí le déanaí le fios go bhféadfadh Cluxton, a bhfuil ocht mbonn Craobh na hÉireann buaite aige, a bheith níos suntasaí i mbliana.

Tá an cúl báire Evan Comerford amuigh gortaithe agus tá an jab á dhéanamh ag David O’Hanlon ar fud na sraithe.

Dúirt Farrell gur féidir le O’Hanlon comhairle oiliúna chomh maith a fháil ó Cluxton.

NÍOS MÓ SPORT CLIC ANSEO:
Jimmy Gray, ómós, le Philip Lanigan:
Godfather’ na Dubs a spreag ‘Heffo’s Heroes’

Dúirt sé le TG4: ‘Tá meantóir iontach aige i Stephen. Is iontach an rud é Stephen a bheith ar ais sa mheascán, ach bhí David O’Hanlon thar a bheith tábhachtach dúinn i rith an tsraith.

Cluxton ag teacht: Dessie Farrell Pic: Piaras Ó Mídheach/Sportsfile
Cluxton ag teacht: Dessie Farrell Pic: Piaras Ó Mídheach/Sportsfile

‘Tá an geansaí caite aige ó tharla gortaíodh Evan Comerford, tá sé i gceannas ar an bpost sin agus táimid an-sásta leis an áit a bhfuil sé.’

Agus nuair a fiafraíodh de an raibh fonn air Cluxton a chur chun páirce sa chluiche in aghaidh Dhoire, tar éis d’Áth Cliath dul chun cinn mór a dhéanamh, dúirt Farrell nach n-imreoidh Cluxton ach nuair atá sé ag teastáil.

NÍOS MÓ SPORT CLIC ANSEO:
Paul Flanagan Ambasadóir na Gaeilge ag CLG do 2023

Dúirt sé: ‘Ní hea, ní theastaíonn aon chuid den “tokenism” sin ó Stephen. Tiocfaidh a lá má tá sé chun teacht.

‘Tá sé ag traenáil go han-mhaith agus tá sé mar chuid den phainéal anois ag an bpointe seo. Táimid ag tnúth leis an méid a dhéanfaidh sé i rith an tsamhraidh.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram