Ferguson go maith … agus beidh sé go hiontach, a deir bainisteoir Brighton

06/04/2023

Tá sé ráite faoi Evan Ferguson ag a bhainisteoir fur féidir leis a bheith ina ‘imreoir iontach’ tar éis a phríomhpháirt i mbua Brighton 2-0 ar Bournemouth.

Fuair an Laoch Éireannaigh an chéad chúl sa chéad leath tar éis pas ó Kaoru Mitoma. ‘Flic’ sé an liathróid, gan féachaint, isteach sa choirnéal íochtair den chúl.

Tar éis a chluiche d’Éirinn an tseachtain seo caite, bhí sos ag Ferguson don chluiche Brighton a chríochnaigh 3-3 in aghaidh Brentford ar Dé Sathairn. Ach d’fhill sé chun tosú Dé Máirt.

NÍOS MÓ SPORT CLIC ANSEO:
James McClean á mholadh sa Dáil, agus Erin thar a bheith bródúil as

Ina dhiaidh sin scóráil an t-ionadaí Julio Enciso a chéad chúl do Brighton. Anois tá an club sa séú háit sa tSraith agus níl siad ach ceithre phointe ó a bheith mar cheann de na ceithre club is fearr sa tsraith.

Má fhaigheann siad isteach sna ceithre is airde beidh siad ag imirt i Sraith Seaimpíní (Champions League) na hEorpa an bhliain seo chugainn.

Ferguson ag ceiliúradh tar éis dó a chúl  a bhaint amach
Ferguson ag ceiliúradh tar éis dó a chúl  a bhaint amach

Ciallóidh sé sin na milliúin euro i maoiniú breise do Brighton.

Cé gurb é an cúl ó Ferguson a chéad cúl sa Premier League ó mhí Eanáir, tá ceithre chúl  anois aige óna cheithre chluiche dheireanacha don chlub agus don tír araon.

Ag labhairt faoi tar éis an bua, mhol bainisteoir Brighton, Roberto De Zerbi, Ferguson, atá 18 mbliana d’aois.

NÍOS MÓ SPORT CLIC ANSEO:
Caithfidh ardáin ar nós Twitter dul i ngleic le ciníochas, a deir réalta na hÉireann Idah

Dúirt cóitseálaí na hIodáile: ‘Tá Evan an-óg. Is é an caighdeán is fearr aige ná scóráil agus is cáilíocht an-tábhachtach é sin, ach sílim go bhfuil an cumas aige feabhas a chur air féin in áiteanna eile ar an bpáirc, mar imirt leis na himreoirí eile, chun níos mó a dhéanamh don fhoireann.

‘I mo chuid oibre caithfidh mé torthaí a bhaint amach ach caithfidh mé cabhrú le mo chuid imreoirí feabhsú agus dul chun cinn a dhéanamh.

Ferguson
Ferguson ‘an-óg agus is é an caighdeán is fearr aige ná scóráil agus is cáilíocht an-tábhachtach é sin, ach sílim go bhfuil an cumas aige feabhas a chur air féin,’ a deir a bhainisteoir

‘Ach is dóigh liom gur féidir linn ár sprioc a bhaint amach le Evan.

‘Táim bródúil as. Is féidir leis a bheith ina imreoir iontach.’

NÍOS MÓ SPORT CLIC ANSEO:
Féach ar Keane ag taispeáint fíorscil spóirt do laochra sacair Shasana, iománaíocht!

Ba é an cúl le Ferguson, arb as Baile an Bhiataigh (Bettystown), Contae An MhÍ, é, an t-ochtú chúl i ngach comórtas don chlub atá ag déanamh dul chun cinn ollmhór an séasúr seo.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram