Bhí Irish Twitter an-ghníomhach tar éis agallamh ar teilifís le déanaí leis an ealaíontóir a úsáideann an t-ainm Gaeilge, Mála Spíosraí (Spice Bag).
Is é Adam Doyle, an fear ar a dtugtar Mála Spíosraí, an bia a mheasann go leor go bhfuil sé níos Gaelaí ná prátaí.
Chruthaigh sé an leagan nuashonraithe de phictiúr a bhí péinteáilte in aimsir an Ghorta Mhóir, leis an ealaíontóir clúiteach ó Chorcaigh, Daniel MacDhòmhnaill ón 19ú haois.
Thaispeáin an pictiúr díshealbhú (eviction) – ach sa leagan a rinne Mála Spíosraí is iad na gardaí atá ag déanamh an díshealbhú.
Nuair a roinn Urlabhraí Tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin clip de leagan Mála Spíosraí den phictiúr bhí airí Rialtas agus daoine eile ag gearán faoi.
Mar sin féin, bhí Mála Spíosraí féin ar clip eile a bhí á roinnt ar na meáin shóisialta, tar éis dó a bheith le feiceáil ar an Tonight Show le Virgin Media Television.
NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
Insíonn Angela Scanlon ar an chaoi is ceart chun an Late Late Show a dhéanamh
Sa clip cuireann an t-iriseoir Fionánn Sheehan ceist air faoina shaothar ealaíne, ach ní thugtar mórán ama do Mála Spíosraí chun freagra a thabhairt.
Agus ó shin i leith bhí lucht féachana ag dul chuig Twitter ina sluaite le trácht a dhéanamh ar an argóint idir Mála Spíosraí agus Fionánn Sheehan, atá le feiceáil anseo.
Sa clip, tá Mála Spíosraí le feiceáil ag iarraidh a phointe a chur in iúl agus daoine eile ag chur in aghaidh a bhfuil le rá aige.
In ainneoin go bhfuiltear ag caint trasna air, éiríonn le Mála Spíosraí a bheith socair, agus mhol roinnt daoine cáiliúla sna meáin é as sin.
‘Fair play a Mála Spíosraí. Sin é cumhacht na hamharcealaíona (visual art) díreach ansin. Is féidir leis daoine a gníomhú go croí,’ a mhol an podchraoltóir as Luimneach Blindboy.
Ní dhearna an DJ agus rapper Mango Dassle trácht ar an clip, ach thacaigh sé le Mála Spíosraí lena shaothar.
‘Is ealaíontóir dochreidte é Mála Spíosraí, a rinne rudaí iontacha dúinn ... Ba chóir duit a choimisiúnú. Molaim go mór é,’ a scríobh sé.
Scríobh Brigid Purcell ó Pobal Roimh Bhrabús; ' Fair play Mála Spíosraí, ag coinneáil sochar, ach ba é an píosa a chuir isteach go mór orm ná Fionnán Sheehan ag rá "EALAÍN SPREAGTHA POLAITIÚIL?!?!" 1. Is é an t-ealaíontóir é, is féidir leis a dhéanamh cibé rud is maith leis, is cuma cén pholaitíocht. 2. Tá gach ealaín polaitiúil. Ní féidir leat ealaín a dhéanamh gan polaitíocht.'
NÍOS MÓ LE LÉAMH CLIC ANSEO:
So! Níl Gaeilge agat? Well, léigh é seo agus freagair an cheist ag an deireadh
Bhí a tuairimí le rá ag iar-réalta 2FM, Louise McSharry, freisin, ag roinnt alt a scríobh sí roimhe seo faoi shaincheist chomhchosúil le múrmhaisiú (mural) Kneecap.
‘Scríobh mé an colún seo i mí Mheán Fómhair faoin “outrage” faoi @KNEECAPCEOL an samhradh seo caite, agus an dícheangal idir iad siúd a bhí ar buile faoi, agus iad siúd a bhí ina lucht leanúna. Mothaíonn sé ábhartha inniu,’ a scríobh sí.
Agus ar ndoigh bhí an-chuid memes ar na meáin shóisialta déanta as an clip.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.