Teannas i CLG Dhún na nGall ag dul in olcas le glaonna éirí as

Tá an teannas i CLG Dhún na nGall ag dul in olcas, le glaonna ar beirt bhall den mBord Contae éirí as, agus ar an laoch peile Karl Lacey teacht ar ais.

Bliain gharbh a bhí ann do CLG Dhún na nGall go dtí seo, tar éis na conspóide ag an acadamh.

D’éirigh buaiteoir Craobh na hÉireann I 2012 Karl, Lacey, as a phost mar Cheannaire ar an Acadaimh, agus d’éirigh an bainisteoir sinsearach, Paddy Carr, as a phost tar éis tréimhse an-ghearr i gceannas.

Anois tá litreacha seolta ag dhá chlub – na Ceithre Máistrí i mBaile Dhún na nGall agus club Bhaile na nGalloglach i mBaile na nGallóglach (Millford) – ag iarraidh go nglacfaidh Oifigeach Leanaí an Chontae agus Oifigeach Cóitseála an Chontae ‘chéim ar ais, ar mhaithe le leas CLG Dhún na nGall’.

Dhun na nGall Karl Lacey Pic: ©INPHO/James Crombie
Karl Lacey Pic: ©INPHO/James Crombie

Ina theannta sin, tá sé ráite ag club na gCeithre Máistrí go bhfuil an-chuid tacaíocht ag Karl Lacey agus gur cheart é a chur ar ais mar Cheannaire ar an Acadaimh.

Dúirt siad gur cheart d’aon oifigeach tofa nach bhfuil an dearcadh sin aige nó aici, nó nach bhfuil sásta tacú le Lacey, ‘a sheasamh féin ar an mBord Feidhmiúcháin’ a mheas freisin.

Glaodh cruinniú de bhord an chontae, coicís ó shin, faoin acadamh. Rinne go leor toscairí an chlub gearán faoi na hidirghníomhaíochtaí teipthe idir feidhmeannas an chontae agus infrastruchtúr peile Dhún na nGall, rud a d’fhág nár oscail an acadamh de réir an sceidil i mbliana.

NÍOS MÓ SPORT CLIC ANSEO
Sraith peile: Tá na Jacks ‘back’… ach tá Gaillimh fós le teacht

Tá ceist curtha ag an dá chlub freisin faoin mbealach a ceapadh iarbhainisteoir na foirne Paddy Carr i mí Dheireadh Fómhair.

Níl club Bhaile na nGalloglach sásta leis an gcaoi ar caitheadh le hiarrthóir an chlub do phost bainisteoir Dhún na nGall, agus dúirt siad go raibh an próiseas roghnaithe ‘lochtach’ agus ‘farcical’.

Mhaígh siad gur cuireadh daoine amú i mí Dheireadh Fómhair maidir leis an bpróiseas roghnóireachta.

NÍOS MÓ SPORT CLIC ANSEO:
Paul Flanagan Ambasadóir na Gaeilge ag CLG do 2023

Dúirt an club gur cuireadh Carr agus a chóitseálaí cúnta, bainisteoir reatha Dhún na nGall Aidan O’Rourke anois, faoi agallamh ar leithligh don phost, ach ina dhiaidh sin iarradh orthu dul le chéile ar aon ticéad amháin.

D’fhiafraigh siad freisin cén fáth ar tugadh an deis sin dóibh, cé nár tugadh an deis sin d’iarrthóirí eile.

Tuigtear go gcuirfear tairiscint gan mhuinín ag beirt bhall den Choiste Feidhmiúcháin ag cruinniú de chuid an chontae oíche Dé Luain.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram