Gardaí armtha ag lorg ‘violent fantasist’ tar éis líomhainte bean a mharú

Tá Gardaí armtha ag lorg ‘fantasist’ foréigneach mar gheall ar iarracht líomhainte a chéile  a mharú, laethanta tar éis dó a dul saor ón bpríosún.

Cuireadh an fear i bpríosún mar gheall ar ionsaí ‘crualach’ agus ‘náireach’ ar bhean eile, a pháirtí ag an am, chualathas sa chúirt.

Rinne Aonad Freagartha Armtha an Gharda Síochána (Garda Armed Response Unit ) cuardaigh ar 22 Márta ach níor aimsíodh an fear, a thagann as Baile Átha Cliath.

San eachtra is deireanaí, líomhnaítear gur chur sé bean agus a beirt pháistí faoi ghlas i dteach i mBaile Átha Cliath.

Gardaí

Thángthas ar an mbean ina teach nuair a d’éirigh lena beirt pháistí óga éalú agus rith tríd an eastát ag lorg cabhrach.

Dúirt siad le gardaí go raibh siad ann ar feadh dhá lá sular éalaigh siad.

Rinneadh ionsaí freisin ar theach máthar na mná, agus a fuinneoga briste.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
Mná cróga: Labhraíonn an
tUachtarán Ó hUiginn faoin
náire a bhaineann le mí-úsáid
laistigh d’Óglaigh na hÉireann

Tá eagla ar na Gardaí go ndéanfaidh an fear atá faoi amhras ionsaí ar bhean eile mura bhfuil sé gafa.

Áirítear lena chiontuithe (convictions) roimhe seo mangaireacht (dealing) drugaí, tiomáint chontúirteach agus seilbh earraí le hintinn díobháil a dhéanamh (possession of articles with intent to cause injury).

Dúirt foinse slándála: ‘Fantasist foréigneach é agus is fuath leis mná.

NÍOS MÓ NUACHT CLIC ANSEO:
‘Pobal LGBTQ+ faoi ionsaí’:
Seasann an tAire Ó’Gorman
go láidir in aghaidh éileamh
maoinithe ‘bréagach’

‘Tá cúisimh eile ag teastáil ó ghardaí a chur air, agus is coireanna in aghaidh ban go leor acu.

‘ Dá luaithe is a chuireann siad faoi choimeád é, is amhlaidh is fearr é.’

Tá eagla go bhféadfadh an fear a bheith imithe go dtí an Ríocht Aontaithe, agus tá oifigigh ag seiceáil calafoirt aeir agus farantóireachta le fáil amach ar fhág sé an dlínse.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram