Deir réalta Kin, Yasmin Seky, gur duine ‘introverted’ í. Ach sin mar atá go minic le haisteoirí. Is é an aisteoireacht ‘díoltas an duine cúthail’ (the shy person’s revenge). Ach an ról ba bhreá léi a ghlacadh ná an fíor- bithiúnach (villain).
Glacann an t-aisteoir as Baile Átha Cliath páirt Nikita, cailín dílis Eric ‘Viking’ Kinsella, sa tsraith choireachta ar RTÉ.
Ach dúirt an t-aisteoir atá 24 bliain d’aois leis an Irish Mail on Sunday ‘gur bhreá léi a bheith á chaitheamh mar dhuine dona’ amach anseo.
Dúirt Yasmin: ‘Sílim go mbeadh sé chomh casta’ agus gurb iad ‘na daoine is measa’ ar an scáileán na cinn is láidre.
‘American Psycho, Gone Girl, na cineálacha sin scannán ar fad,’ a dúirt sí.
Ba é séasúr a haon de Kin a céad gig aisteoireachta le beagnach 10 mbliana di, agus níor tharla sé ach tar éis glao gutháin ó ‘casting agent’ a raibh aithne uirthi blianta roimhe sin.
‘Sílim go raibh mé beagán neirbhíseach i séasúr a haon agus go raibh níos mó eagla orm an raibh na cinntí cearta á ndéanamh agam,’ a deir sí.
‘Ach san séasúr seo táim in ann imirt leis beagán níos mó, agus má mhothaím gur fearr cinneadh a dhéanamh do Nikita, níl eagla orm a rá, “Hey, cén fáth nach ndéanaimid iarracht é seo a dhéanamh?”‘
Ní mheasann Yasmin gur aisteoir lánaimseartha í go fóill. Dúirt sí: ‘Tá meon aisteach ag daoine go ndéanann tú gig amháin agus ansin go tobann is aisteoir thú.
‘Ach tá mé ag obair le daoine a bhfuil taithí na mblianta acu. Ní rud é gur féidir liom léim isteach ann i ndáiríre.’
Tá sí fós ag obair i bpost mar ‘mortgage specialist’.
Tá sí ag baint taitneamh freisin as a bheith ag tabhairt faoi chúrsa aisteoireachta scáileáin in Acadamh Bow Street i mBaile Átha Cliath.
‘Bíonn ionadh ar dhaoine i gcónaí nuair a deirim go ndeachaigh mé ar ais chun staidéar a dhéanamh ar an aisteoireacht, ach mothaím gurb é sin an rud ceart le déanamh, na modhanna a fhoghlaim,’ a dúirt Yasmin.
‘Is é an chuid is mó den aisteoireacht ná na mothúcháin agus do gníomhaíocht féin, ach caithfidh tú na modhanna a fhoghlaim fós. Caithfidh fios a bheith agat fós cá as a dtagann sé.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.